Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Scoláireacht Chuimhneacháin Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéilleachair)


Is é is aidhm leis an scoláireacht seo ná tionchar ollmhór Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéilleachair) ar chur chun cinn na Gaeilge ina ról mar Chéad-Oifigeach Teanga le Comhairle Contae Mhaigh Eo a chomóradh. Ag tarraingt ar éachtaí agus réimsí spéise Oonagh, is iad seo a leanas aidhmeanna na scoláireachta seo:

  • Aitheantas a thabhairt do ghníomhaíochtaí den scoth sna healaíona teangabhunaithe agus san obair phobail trí Ghaeilge atá ar siúl ag mic léinn as Maigh Eo.
  • Tacaíocht airgeadais a thabhairt do na mic léinn sin leanúint lena gcuid staidéir agus a gcuid iarrachtaí san obair phobail nó sna healaíona teangabhunaithe trí Ghaeilge
  • Tacú le forbairt bhreise scileanna na mac léinn agus iad a spreagadh trí mheantóireacht agus naisc phobail a chothú
  • Tacú le mic léinn a gcuid scileanna a chur i láthair an phobail agus a bheith mar ambasadóirí don Ghaeilge i gContae Mhaigh Eo.

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo tar éis dul i gcomhpháirt le Pobail Ildána Mhaigh Eo chun an scoláireacht seo, a bhfuil rannpháirtíocht agus cruthaitheacht mar chuid lárnach di, a mhaoiniú.

Critéir Iontrála agus Próiseas Iarratais

  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa phobal, nó sna healaíona teangabhunaithe (litríocht, amhránaíocht, drámaíocht srl trí Ghaeilge).
  • Ní mór go mbeadh cumas láidir agus tiomantas ag na hiarratasóirí don Ghaeilge.
  • Ní mór go mbeadh iarratasóirí cláraithe ar chlár oideachais tríú leibhéal lánaimseartha don bhliain acadúil 2024-2025.
  • Is d'iarratasóirí as Contae Mhaigh Eo, nó atá ina gcónaí i Maigh Eo, an scoláireacht seo, agus dóibh siúd amháin.

Tá tuilleadh eolais faoi na critéir clárúcháin agus an próiseas iarratais ar fáil sa Leabhrán Eolais seo.

Spriocdháta agus Ceisteanna

Glacfar le hiarratais ón 12 Meán Fómhair 2024 amach. Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe agus doiciméid thacaíochta a chur isteach tríd an ardán Consult ag an nasc thíos roimh 12:00 meán lae, Dé Luain an 14 Deireadh Fómhair 2024. Bí cinnte an Leabhrán Eolais a léamh go cúramach sula dtosóidh tú ar d'iarratas.

Is féidir ceisteanna faoi aon ghné den iarratas a sheoladh chuig gaeilge@mayococo.ie.

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha