Éire Shláintiúil
Cuireadh tús leis an tionscnamh náisiúnta Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann mar mhodh chun tacú le Straitéis an Rialtais um Éire Shláintiúil: chun feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine na ndaoine in Éirinn, trí dhíriú isteach ar chosc, ar fheasacht an duine aonair agus ar dhaoine a choinneáil sláintiúil ar feadh tréimhse níos faide.
Tá bailiúchán leabhar l i ngach leabharlann in Éirinn a bhaineann le hÉirinn Shláintiúi, agus gach craobh leabharlainne i Maigh Eo san áireamh.
Déan cíoradh ar an Liosta Leabhar Éire Shláintiúil – tá gach leabhar ar fáil ar iasacht ó aon chraobh de Leabharlann Mhaigh Eo.
Thairis sin, reáchtálann Leabharlann Mhaigh Eo imeachtaí agus cainteanna um Éire Shláintiúil a chuidíonn le feabhas a chur ar shláinte, ar fholláine agus ar chaighdeán iomlán na beatha do dhaoine aonair ag gach céim den saol. Seiceáil ár leathanach ar Imeachtaí i dtaca le cainteanna agus imeachtaí atá le teacht, nó féach ar an eolas atá bord ar bhord leis na hathruithe is déanaí ar ár leathanach Facebook.