Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Internet Use Policy


Beartas Úsáide Inghlactha Ríomhairí agus Wi-Fi Poiblí Leabharlann Chontae Mhaigh Eo 

Tá mar aidhm ag Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo deiseanna saoil aonair a chur ar an eolas, a shaibhriú, a neartú agus a shíneadh trí eolas, smaointe, acmhainní agus cláir a sholáthar a sholáthraíonn na tairbhí do phobail áitiúla a chruthaíonn machnamh domhanda, eispéireas foghlama ar feadh an tsaoil agus éagsúlacht oidhreachta agus chultúir. 

Cuireann an fháil atá ar Rochtain Saor in Aisce Phoiblí ar an Idirlíon le soláthar seirbhíse leabharlainne traidisiúnta agus í a shíneadh.

Bíonn na coinníollacha seo a leanas i gceist: 

1 - Caithfidh úsáideoirí a bheith ar an eolas gur líonra neamhrialaithe eolais é an Gréasán Domhanda, a chumasaíonn rochtain ar smaointe, eolas agus íomhánna. Tá ar úsáideoirí a bheith freagrach san úsáid a bhaineann siad as an nGréasán Domhanda. 

2 - Tá áiseanna saor in aisce tagartha ríomhaire Idirlíon-bhunaithe ar fáil do gach ball cláraithe Sheirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo agus éascófar aoi-úsáideoirí freisin. 

3 - Ní féidir le Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo cruinneas an eolais ar an nGréasán Domhanda a chinntiú, ná ní féidir leo glacadh le freagracht as, nó maoirseacht a dhéanamh ar,  ábhar a bhféadfadh úsáideoir teacht air gan chuimhneamh nó ar bhealach eile. Ní ghlacann an leabharlann le haon fhreagracht as díobháil, caillteanas, costais nó speansais go díreach nó go hindíreach de bharr seirbhísí saor in aisce tagartha ríomhaire Idirlíon-bhunaithe na leabharlainne a úsáid. 

4 - Ní féidir le Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo glacadh le haon fhreagracht as aon chumarsáid a fuair nó a sheol sealbhóirí cuntas pearsanta ríomhphoist. 

5 - Tá oibleagáid ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí freagracht a ghlacadh as an úsáid a bhaineann a leanaí as an ngréasán. Tá fáilte roimh leanaí níos óige ná 12 bhliain d’aois na háiseanna ríomhaire Idirlíon-bhunaithe a úsáid chomh fada agus a dhéanann tuismitheoir nó caomhnóir nó múinteoir iad a thionlacan , nó go ndéanann múinteoir nó duine fásta freagrach eile níos sine ná 18 mbliana maoirseacht orthu nó go bhfuiltear ina mbun. 

6 - Tá fáilte roimh leanaí meánscoile faoi aois 16 bliana na háiseanna ríomhaire Idirlíon-bhunaithe a úsáid: 

  • chomh fada agus a dhéanann tuismitheoir nó caomhnóir nó múinteoir iad a thionlacan, nó go ndéanann múinteoir nó duine fásta freagrach eile níos sine ná 18 mbliana maoirseacht orthu nó go bhfuiltear ina mbun. 
  • Nó chomh fada agus a údaraíonn tuismitheoir nó caomhnóir an úsáid sin i scríbhinn trí Fhoirm Chlárúcháin Idirlín a shíniú i láthair foireann leabharlainne.

7 - Ní féidir le húsáideoirí aon ábhar a chruthú, a rochtain, a chóipeáil, a stóráil, a tharchur, a íoslódáil nó a fhoilsiú: 

  • Atá graosta, ciníoch, clúmhillteach nó neamhdhleathach 
  • Is cúis le ciapadh nó masla tromchúiseach do dhaoine eile 
  • Arb ionann é agus sárú ar dhlíthe cóipchirt nó ar chomhaontuithe ceadúnaithe. Má dhéantar amhlaidh, déanfar gach pribhléid leabharlainne a chúlghairm láithreach. 

8 - Ní féidir le húsáideoirí: 

  • Stáisiúin oibre na leabharlainne a úsáid mar áit le rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonraí nó ar chórais ríomhaire na leabharlainne nó ar aon líonra nó ríomhchóras eile de chuid na leabharlainne 
  • Srian a chur ar obair dhaoine eile trí mhéideanna móra d’acmhainní an chórais a ídiú nó trí aon ríomhchóras na leabharlainne a chliseadh d’aon turas 
  • Aon iarracht a dhéanamh díobháil a dhéanamh do threalamh nó do bhogearraí ríomhaire 
  • Aon iarracht a dhéanamh cumraíocht bhogearraí a athrú ar bhealach mailíseach 
  • Aon iarracht a dhéanamh a bheith mar chúis le díghrádú fheidhmíocht an chórais 
  • Aon stáisiún oibre na leabharlainne a úsáid do chuspóir neamhdhleathach nó coiriúil. Má dhéantar amhlaidh, déanfar gach pribhléid leabharlainne a chúlghairm láithreach.

9 - Ar mhaithe le comhionannas agus cothroime agus lena chinntiú go mbaintear úsáid éifeachtach as acmhainní leabharlainne, caithfidh úsáideoirí cloí le nósanna imeachta áirithinte agus oibríochtúla atá i bhfeidhm ag leabharlanna brainse. 

10 - Tá ar gach úsáideoir a thabhairt le fios go gcloíonn siad le Beartas Úsáide Inghlactha na leabharlainne sula n-éascófar rochtain. 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha