Plean Ealaíon Chontae Mhaigh Eo 2025-2030
Date: 02-01-2025
Cuireadh tús le déanaí le hobair ar Phlean Ealaíon nua cúig bliana a fhorbairt do Chontae Mhaigh Eo. Ba bhreá linn do thuairimí a fháil ar fhorbairt na seirbhíse sa tréimhse cúig bliana amach romhainn. Chuige sin, tá suirbhé curtha le chéile ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun guth an phobail a chur san áireamh sa phlean:
Is féidir cóipeanna comhlánaithe den suirbhé a sheoladh:
- Sa phost chuig: An Oifig Ealaíon, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras Mhaigh Eo, An Móinín, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo F23 N504
- Ar ríomhphost chuig mayoarts@mayococo.ie
Cuireann muid fáilte roimh aighneachtaí (tuairimí scíofa) i leith an phlean chuig na seoltaí thuas chomh maith.
Tá cóip den Phlean Ealaíon reatha ar fáil ar an leathanach seo.
Glacfar le suirbhéanna agus aighneachtaí go dtí an 20 Feabhra 2025. Tá muid ag súil le cloisteáil uait.