Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Aimsigh an Ceannaitheoir is Fearr nó an Áit Chónaithe a Theastaíonn uait le Scéim Meaitseála Tithe Folmha Mhaigh Eo


Date: 17-07-2024

Cuireann Scéim Meaitseála Tithe Folmha Mhaigh Eo cuidiú ar fáil chun úinéirí tithe folmha agus ceannaitheoirí féideartha a chur i dteagmháil le chéile. Tá fáilte roimh úinéirí páirt a ghlacadh sa scéim má theastaíonn deisiúchán sa teach, nó más féidir le ceannaitheoirí bogadh isteach ann láithreach.

Seirbhís saor in aisce í Scéim Meaitseála Áiteanna Cónaithe Folmha Mhaigh Eo.  Tá dhá liosta ag an gComhairle: liosta ceannaitheoirí féideartha agus liosta úinéirí ar spéis leo teach folamh a dhíol.   

Nuair a thugann an Chomhairle 'meaitseáil' faoi deara idir áit chónaithe fholamh atá ar díol agus riachtanais cheannaitheora, gheobhaidh úinéir an tí agus an ceannaitheoir sonraí a chéile chun dul i dteagmháil lena chéile.

Dúirt Tom Gilligan, Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Contae Mhaigh Eo, agus sonraí á dtabhairt aige ar an scéim: “Bainfidh idir úinéirí agus cheannaitheoirí féideartha tairbhe as an tseirbhís seo atá go hiomlán saor in aisce.

“Déanfar an t-úinéir a mheaitseáil le daoine ar mian leo teach folamh a cheannach. Tá réimse fairsing áiteanna cónaithe folmha ar fáil do cheannaitheoir féideartha idir áiteanna cónaithe comhaimseartha agus áiteanna cónaithe ó thréimhsí ar leith agus a bhfuil bail orthu atá maith a dhóthain le bogadh isteach iontu agus réadmhaoin ar gá oibreacha móra a dhéanamh orthu, i gceantair fud fad an chontae.”

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gníomhaireacht eastáit í Scéim Meaitseála Áiteanna Cónaithe Folmha Mhaigh Eo, agus go dtiteann gach próiseas idirbheartaíochta agus díolachán amach idir an t-úinéir agus an ceannaitheoir.

Molann muid go bhfaigheann aon duine a lorgaíonn réadmhaoin a dhíol nó a cheannach luacháil ghairmiúil agus dhlíthiúil neamhspleách (ó aturnae nó ó ghníomhaire eastáit).

Ní bheidh baint ag Comhairle Contae Mhaigh Eo sa díol nó sa diúscairt agus is é an t-aon ról atá againn sonraí ábhartha a sholáthar do dhaoine chun teagmháil a dhéanamh lena chéile agus le cúrsaí a phlé. Iarrann an Chomhairle nach ndéanann daoine ach iad siúd a bhfuil fíorfhiosrúcháin acu agus a bhfuil spéis acu, teagmháil.

Más mian leat páirt a ghlacadh sa scéim, déan teagmháil, le do thoil, le Comhairle Contae Mhaigh Eo ag vacanthomes@mayococo.ie agus scríobh ‘Scéim Meaitseála Áiteanna Cónaithe Folmha Mhaigh Eo’ sa líne ábhair / teideal. Más díoltóir féideartha áite cónaithe foilmhe thú, tabhair na sonraí ábhartha go léir dúinn faoin teach, le do thoil.

Beidh sé faoi lánrogha Chomhairle Contae Mhaigh Eo glacadh le daoine ar an scéim.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha