Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Cúrsa ar líne saor in aisce le níos mó ban i gContae Mhaigh Eo a spreagadh páirt a ghlacadh sa Pholaitíocht


Date: 23-10-2024

Má rith sé leat riamh seasamh sa toghchán áitiúil i gContae Mhaigh Eo nó mura dteastaíonn uait ach níos mó eolais a fháil faoin gcaoi a n-eagraítear an pholaitíocht in Éirinn agus an bealach a riartar Comhairle Contae Mhaigh Eo, d’fhéadfadh cúrsa ar líne saor in aisce do mhná a bheith mar lámh chúnta duit.

Tá mar chuspóir ag cúrsa saor in aisce ar líne (Zoom) dar teideal ‘Tús Eolais ar an bPolaitíocht’ (‘An Introduction to Politics’) a bheidh ag tosú Déardaoin, an 7 Samhain agus a chríochnóidh Déardaoin, an 14 Samhain, an pholaitíocht a mhíniú do mhná agus iad a spreagadh tabhairt faoin bpolaitíocht toghcháin. Tá na ranganna ar líne saor in aisce do mhná ar mian leo tosú le beagán eolais a fháil faoin bpolaitíocht, faoi fheidhmeanna Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus faoi phost laethúil comhairleora contae. Cuirfear dhá rang ar siúl ar an dá Déardaoin, agus beidh rogha ar fáil idir rang ar maidin idir 10am agus 11:30am nó rang oíche idir 8:00pm agus 9:30pm.

 Chuir Martina Hughes, Ceann Forbartha Corparáidí agus Cumarsáide, fáilte roimh an gcistiú a chuir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar fáil do Chomhairle Contae Mhaigh Eo leis an gclár seo a sholáthar agus mhínigh sí “gurb é aidhm an chláir obair i dtreo an líon ban sa pholaitíocht áitiúil a mhéadú agus níos mó ban ó chúlraí éagsúla a spreagadh páirt a ghlacadh sa Rialtas Áitiúil, a mhéid agus is féidir agus le huaillmhian na Comhairle a chomhlíonadh go mbeidh ionadaíocht níos éagsúla d’iarrthóirí ann i Maigh Eo.”

Mhínigh an Dr Michelle Maher, Bainisteoir an Chláir See Her Elected, “Ba mhaith linn go mbeadh níos mó ban á dtoghadh le Comhairle Contae Mhaigh Eo. Ní mná iad  3 de na 30 comhairleoir contae i Maigh Eo, agus tá an líon seo ar cheann de na líonta is ísle sa tír i dtaobh ionadaíocht na mban. I bhfírinne, níor toghadh ach 12 bhean, ar an iomlán, riamh le Comhairle Contae Mhaigh Eo ó toghadh Nellie Robinson siar in 1967. Níor cuireadh peirspictíocht na mban agus a saineolas luachmhar san áireamh go mór mór sa chinnteoireacht le 100 bliain anuas.”

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo, a aithníonn an líon beag ban atá sa Chomhairle, le moladh toisc go bhfuil an réiteach á dhéanamh acu le rud éigin a dhéanamh faoi seo agus beidh na ranganna seo ina thús. Is tábhachtach freisin go n-aithníonn Comhairle Contae Mhaigh Eo gur féidir leis a bheith deacair gach cúram a shásamh, toisc go dtugann mná faoi fhormhór na hoibre cúraim i dteaghlaigh. Ar an gcúis sin, shocraigh siad go gcuirfear an rang céanna ar siúl ag 10am agus arís ag 8pm le roinnt solúbthachta a thabhairt do mhná ar mian leo freastal ar na ranganna.

Míneofar sa chéad rang an 7 Samhain cén chaoi a n-eagraítear an pholaitíocht in Éirinn agus pléifear toghcháin Uachtaránachta, Olltoghcháin agus toghcháin an tSeanaid agus míneofar na rudaí is féidir le gach rannóg den rialtas a dhéanamh agus cén chaoi a n-idirghníomhaíonn siad lena chéile. Pléifear freisin vótáil agus Líonra Rannpháirtíochta Pobail Mhaigh Eo chomh maith. Bainfidh an dara rang Déardaoin, an 14 Samhain leis an bpolaitíocht áitiúil, ina ndéanfar scrúdú ar thoghcháin áitiúla, na rudaí a bhfuil freagracht ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo astu, cén chaoi a ndéantar feidhmeanna a dheighilt idir na daoine a oibríonn ansin agus iad siúd a thoghaimid leis an gComhairle agus an méid a bhaineann leis an bpost.

Beidh na ranganna ar líne ar siúl Déardaoin, an 7 Samhain agus Déardaoin, an 14 Samhain. Tá dhá bhealach ann le clárú. Is féidir leat clárú trí Eventbrite  https://www.eventbrite.ie/o/see-her-elected-30519632360 nó is féidir leat díreach ríomhphost a sheoladh chuig corporatedev@mayococo.ie agus a lua cibé acu is mian leat freastal ar an rang ar maidin (10am) nó um thráthnóna (8pm).

Beartaítear go gcuirfear ceardlanna breise ar siúl i bpearsan amach ar fud Mhaigh Eo in 2025.

Tá sé beartaithe chomh maith an scannán a chur ar scáileán saor in aisce go luath in 2025 faoi chéad uachtarán mná na hÉireann, bean Mhaigh Eo, Mary Robinson. Insítear in ‘MRS ROBINSON’ scéal Mary, dar léi féin, den chéad uair riamh agus tá pleananna ar bun go dtaispeánfar é in ionaid ealaíon ar fud an chontae agus beidh sonraí ar fáil go luath ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

 




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha