Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Scoláireacht Nua Seolta i gCuimhne ar Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéileachair)


Date: 12-09-2024

Sheol Comhairle Contae Mhaigh Eo scoláireacht nua tríú leibhéal an tseachtain seo i gcuimhne ar chéad Oifigeach Gaeilge na Comhairle, Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéileachair). Bhí aithne fhorleathan ar Oonagh ar fud Chontae Mhaigh Eo i ngeall ar a hobair cheannródaíoch ag cur na Gaeilge chun cinn, go háirithe trí mheán imeachtaí pobail agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha. Is ag tarraingt ar na réimsí spéise sin atáthar leis an scoláireacht nua seo, lena dtabharfar tacaíocht airgeadais do mhic léinn atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge nó sna healaíona teangabhunaithe. Is féidir le mic léinn tríú leibhéal ó dhisciplín ar bith cur isteach ar an scoláireacht seo, fad is gurb as Maigh Eo dóibh, nó go bhfuil cónaí orthu sa chontae. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn atá i mbun cúrsaí léinn éagsúla – ní gá a bheith ag tabhairt faoi chúrsa sa Ghaeilge. Gheobhaidh buaiteoir na scoláireachta seo sparánacht €3,0000 don bhliain, a bhuíoch le maoiniú ó Phobail Ildána Mhaigh Eo, chomh maith le gradam saindeartha agus tacaíocht forbartha ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Is éard a dúirt Joanne Grehan, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Contae Mhaigh Eo:

“Trína cuid oibre ar fad, chinntigh Oonagh go raibh deiseanna ar fáil do gach ball den phobal a bheith páirteach i saol na Gaeilge. Bhí fíormheas ag Oonagh ar na healaíona agus thuig sí luach na meán cruthaitheach, ar nós na hamhránaíochta, na drámaíochta agus na litríochta, chun rannpháirtíocht leis an nGaeilge a chothú. Tá muid fíorshásta a bheith in ann an scoláireacht seo a sheoladh chun a cuid éachtaí a cheiliúradh agus chun spreagadh a thabhairt do mhic léinn ó Mhaigh Eo leanúint leis an obair thábhachtach sin.”

Is éard a dúirt Fionnuala Nic Pháidín, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Mhaigh Eo:

“Deis iontach atá anseo do mhic léinn atá ag plé le cur chun cinn na Gaeilge, nó leis na healaíona teangabhunaithe, aitheantas a fháil dá gcuid iarrachtaí. Tá neart mac léinn ann ó Chontae Mhaigh Eo atá páirteach i gcumainn Ghaeilge, atá ag scríobh filíochta nó drámaíochta as Gaeilge, agus atá ag gabháil don amhránaíocht ar an sean-nós, mar shampla. Ba cheart do mhic léinn atá gníomhach i réimsí dá leithéid an deis seo a thapú chun a gcuid scileanna a fhorbairt tuilleadh.”

Is éard a dúirt Austin Vaughan, Leabharlannaí Chontae Mhaigh Eo agus Comhordaitheoir Phobail Ildána Mhaigh Eo:

“Tá an Ghaeilge agus na healaíona teangabhunaithe ag croílár chultúr saibhir Mhaigh Eo. Is léiriú iontach í an scoláireacht seo ar an tiomantas a bhí ag Oonagh don Ghaeilge agus an obair ar fad a rinne sí chun grá don teanga agus grá do na healaíona a chothú i gContae Mhaigh Eo.”

Tá tuilleadh eolais faoi na critéir iontrála agus an próiseas iarratais don scoláireacht seo ar fáil ag https://www.mayo.ie/Gaeilge/ScolaireachtChuimhneachain. Glacfar le hiarratais go dtí Dé Luain an 14 Deireadh Fómhair 2024.

 




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha