Fógra Maidir Le Tús Iniúchta
Date: 24-05-2024
Tugtar fógra leis seo go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an údaráis áitiúla atá ainmnithe thuas don bhliain airgeadais dar críoch ar an 31 Nollaig, 2023. Is é Réamonn Ó Láimhín, Príomh-Iniúchóir, a chuirfidh tús leis an iniúchadh ar an 5ú lá de Mheithimh, 2024. De réir alt 17 de na Rialacháin um Rialtas Áitiúil (Nósanna Imeachta Airgeadais agus Iniúchta) 2014, le linn an iniúchta, déanfaidh an tIniúchóir Rialtais Áitiúil athbhreithniú ar agóidí i leith aon ábhar nó ábhair atá sna cuntais éagsúla a ndearnadh tagairt dóibh.
Ba chóir fógra i scríbhinn maidir le haon agóid bheartaithe, ina leagtar amach na sonraí agus forais ábhartha ar a ndéanfar í, a sheoladh chuig an Príomh-Iniúchóir a luaitear thuas ag f/ch Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, An Mheal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh. Eo laistigh de dheich lá ó thús an iniúchta. Beidh an ráiteas airgeadais bliantúil ar fáil do chách le linn uaireanta oifige lena bhreathnú ar feadh tréimhse seacht lá roimh thús an iniúchta.
Fógra dar dáta an 24ú lá de mhí na Bealtaine, 2024
Peadar Ó Dubhagáin
Stiúrthóir Airgeadais