Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Scoláireacht Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéileachair) Bronnta ar Ce’Nedra Cullen-O’Brien


Date: 13-12-2024

Tá Ce’Nedra Cullen-O’Brien as Caisleán an Bharraigh fógartha mar chéad bhuaiteoir Scoláireacht Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéileachair). Scoláireacht nua í seo atá curtha ar bun ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcuimhne ar an Iar-Oifigeach Gaeilge, Oonagh Bean Uí Shílleabháin (Ní Chéileachair), chun tacú le mic léinn atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge agus sna healaíona teangabhunaithe.

Is déantóir scannán agus ábhar oide í Ce’Nedra a bhfuil céim aici sna Meáin Chruthaitheacha Dhigiteacha ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Is iníon léinn í faoi láthair ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas in Institiúid Froebal in Ollscoil Mhá Nuad, áit a bhfuil sí gníomhach le Cuallacht Cholm Cille agus Gaeilge Nuada. Mar chuid den scéim seo, tá sé beartaithe ag Ce’Nedra gearrscannán a chruthú do pháistí bunscoile ina ndíreofar ar fhinscéalta agus miotais ó Chontae Mhaigh Eo.

Faoin scoláireacht seo, faigheann buaiteoir na bliana sparánacht €3,000 ó Phobail Ildána Mhaigh Eo, chomh maith le tacaíocht forbartha ó Oifig na Gaeilge sa Chomhairle Contae. Ina theannta sin, tá gradam daire portaigh uathúil coimisiúnaithe ag teaghlach Oonagh, a léiríonn an grá a bhí aici don Ghaeilge, don dúlra agus dá contae dúchais, an Longfort.

Agus an gradam seo á bhronnadh aige ar Ce’Nedra, dúirt Cathaoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir John O’Hara, “Ba mhaith liom comhghairdeachas ó chroí a ghabháil le Ce’Nedra as ucht a cuid oibre go dtí seo agus guím gach rath uirthi don bhliain seo atá roimpi. Tá mé fíorshásta go bhfuil an Chomhairle in ann tacú le mic léinn trí mheán na scoláireachta seo.”

“B’álainn an rud oibriú ar an scéim seo i gcuimhne ar ár gcomhghleacaí Oonagh agus ar an obair ar rinne sí ar son na Gaeilge agus ar son mhuintir Mhaigh Eo,” arsa Joanne Grehan, Stiúrthóirí Seirbhísí le Comhairle Contae Mhaigh Eo. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le fear céile Oonagh, a teaghlach, ár bpainéal moltóirí seachtrach agus chuile dhuine a chuidigh linn teacht chomh fada leis an lá seo.”

“Is léir ón spéis mhór a cuireadh sa scoláireacht seo go bhfuil an-obair ar siúl ag mic léinn Mhaigh Eo chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint,” a dúirt Oifigeach Gaeilge na Comhairle Contae, Fionnuala Nic Pháidín. “Tá súil againn go mbeidh an scéim seo ag dul ó neart go neart sna blianta atá romhainn.”




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha