Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Scéim Ciste Sochair Pobail Abhainn Eidhneach - Catgóir 4


Date: 11-02-2025

Iarratais á nglacadh faoi CHATAGÓIR 4 (miontionscadail chaipitil taobh amuigh de sprioc-cheantar Abhainn Eidhneach)

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag glacadh le hiarratais ó ghrúpaí pobail cáilithe, atá gníomhach taobh amuigh de Limistéar Chiste Sochair Pobail Abhainn Eidhneach, le haghaidh maoiniú faoi Chatagóir 4 - miontionscadail chaipitil sa chuid eile den Chontae.

Catagóir 4 - An chuid eile den chontae

(taobh amuigh de sprioc-cheantar Abhainn Eidhneach)

Miontionscadail Chaipitil

Uasmhéad: Deontas €5,000.

Catagóirí cáilithe

Ní dhéanfar measúnú le haghaidh maoinithe ach ar iarratais a thagann faoi cheann amháin ar a laghad de na catagóirí seo a leanas:

Áiseanna, Cultúr/Oidhreacht, Oideachas, Fóillíocht/Sláinte, Ionchuimsiú Sóisialta, Forbairt Tuaithe, An Comhshaol

Critéir cháilithe

Tá critéir cháilíochta i gceist leis an scéim seo. Ina measc sin, caithfidh grúpaí a bheith cláraithe le Líonra Rannpháirtíochta Pobail (PPN) Mhaigh Eo.

Is gá gur grúpa deonach nó fiontraíochta pobail an t-iarratasóir agus is gá go mbeidh an t-iarratasóir ag cur le pobail agus ag cuidiú le daoine i gceantar i Maigh Eo atá taobh amuigh den sprioc-cheantar.

Tá tuilleadh eolais agus léarscáil den sprioc-cheantar ar fáil ar www.mayo.ie

Cineálacha tacaíochta:

  • Tabharfar tacaíocht leis an gciste seo do ghrúpaí trealamh a cheannach leithéidí táblaí agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus clódóirí, lomairí faiche, forscáthanna, trealamh traenála srl.
  • Tabharfar tacaíocht do phobail, grúpaí pobail nó coistí pobail le go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh le seirbhísí luachmhara a chur ar fáil do dhaoine ina gceantar agus pobal a neartú ar an gcaoi sin.

Samplaí de thionscadail a thagann faoi Chatagóir 4:

  • Forbairt agus athchóiriú ionad pobail
  • Áiseanna pobail
  • Forbairt clubanna óige nó áiseanna óige
  • Forbairt áiseanna spóirt nó áineasa
  • Feabhsúcháin ar pháirceanna bailte agus áiteanna agus spásanna poiblí
  • Feabhsúcháin ar spás poiblí
  • Feabhsúcháin ar shráideanna
  • Forbairt spásanna súgartha agus áineasa
  • Tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh

Tá an fhoirm iarratais agus doiciméid tacaíochta ar fáil ar https://consult.mayo.ie/en/applications. 

Is gá iarratas a dhéanamh faoi Dé Máirt an 11 Márta 2025 ag 4pm.

Déan teagmháil le oweninnycbf@mayococo.ie nó  (094) 9064136. le haghaidh tuilleadh eolais




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha