Clár Na Dtoghthóirí – Reifrinn 2024
Date: 30-01-2024
Mura bhfuil tú cláraithe le vóta a chaitheamh, is féidir leat iarratas a dhéanamh go fóill go gcuirfear san áireamh thú ar Liosta Cothromúcháin Chlár na dToghthóirí (Forlíonadh) do na Reifrinn a bheidh ag teacht aníos a chuirfear ar siúl an 8 Márta 2024.
Dáta Deiridh: Dé Máirt, an 20 Feabhra 2024 ag 5:00 p.m.
Le bheith incháilithe vóta a chaitheamh i Reifreann:
- Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois an 8 Márta 2024 nó roimhe sin;
- Caithfidh cónaí a bheith ort ag an seoladh ar mian leat go gclárófar ann thú;
- Caithfidh saoránacht Éireannach a bheith agat.
Conas iarratas a dhéanamh:
- Ar líne ag www.checktheregister.ie
- Tá foirmeacha cruachóipe (ERF1) ar fáil ag gach oifig an phoist, stáisiún Gardaí, leabharlann agus oifig na Comhairle agus is féidir iad a íoslódáil freisin ag www.checktheregister.ie.
Vótálaithe Poist Agus Speisialta
Má tá cosc ort i ngeall ar bhreoiteacht nó ar mhíchumas nó mar gheall ar chúiseanna oibre/seirbhíse nó staidéir ó fhreastal ar stáisiún vótála ar lá na vótála nó más mian leat iarratas a dhéanamh a bheith i do thoghthóir gan ainm, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal vóta a chaitheamh sa phost.
Má chónaíonn tú i dteach altranais, in ospidéal nó ina mhacasamhail d’institiúid, agus mura féidir leat dul go dtí do stáisiún vótála le vóta a chaitheamh mar gheall ar bhreoiteacht nó ar mhíchumas, is féidir leat iarratas a dhéanamh go gcuirfear thú le Liosta Cothromúcháin na Vótálaithe Speisialta.
Dáta Deiridh: Dé Luain, an 12 Feabhra 2024 ag 5:00 p.m.
Tá foirmeacha iarratais agus sonraí ar fáil ó Fhoireann Chlár na dToghthóirí ag an seoladh a thaispeántar anseo thíos nó trí ghlaoch ar 0949064000 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig registerofelectors@mayococo.ie nó ar líne ag www.checktheregister.ie
John Condon,
Stiúrthóir Seirbhísí,
Comhairle Contae Mhaigh Eo,
Áras an Chontae,
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo.