Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Scéim Deontais Pobail Mhaigh Eo Ildánach


Date: 11-02-2025

Tá Scéim Deontais Pobail Mhaigh Eo Ildánach ar oscailt anois!

Tá an scéim deontais seo curtha ar fáil a bhuíochas le cistiú ó Éire Ildánach agus ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tá de chuspóir aige tacú leis an gcultúr agus leis an gcruthaitheacht i gContae Mhaigh Eo. Tá an scéim seo bunaithe ar na bunphrionsabail go bhfuil sé ar chumas gach éinne a bheith cruthaitheach agus go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gcruthaitheacht i sláinte, folláine agus forbairt gheilleagrach ár bpobal.

Tríd an scéim seo, cuirfear maoiniú ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar fud Chontae Mhaigh Eo. Is é €500 an leibhéal íosta deontais agus €12,000 an t-uasleibhéal. 

Cén chaoi ar féidir iarratas a dhéanamh?

Is féidir iarratas i nGaeilge a dhéanamh leis an bhfoirm thíos. Bí cinnte na treoirlínte a léamh sula dtosóidh tú ar d'iarratas.

Cén chaoi a seolfaidh mé an t-iarratas isteach?

Is féidir an t-iarratas a sheoladh isteach:

  • trína fhágáil ag do bhrainse leabharlainne áitiúil
  • trína cur sa phost chuig Anna livia Cullinan, Leabharlann Chaisleán an Bharraigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

Is é an 21 Márta 2025 an spriocdháta d'iarratais.

Is féidir ceisteanna faoin deontas seo a chur chuig acullinan@mayococo.ie

 




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha