Scoláireachtaí Gaeltachta - Cáisc 2025
Date: 07-02-2025
Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag tabhairt deis do dhaltaí sa dara bliain freastal ar an gcúrsa seo a leanas faoin Scéim Scoláireachta Gaeltachta:
Cúrsa Cásca, Coláiste Acla
Dátaí: 21/04/25 - 26/04/2025
Ta breis eolais faoin gcúrsa ar fáil ag https://www.colaisteacla.com/. Molann muid do thuismitheoirí agus do dhaltaí amharc ar an suíomh le cinntiú go bhfuil spéis acu sa chúrsa agus go bhfuil sé feiliúnach dóibh.
Téarmaí agus Coinníollacha:
- Is féidir le daltaí atá ina gcónaí i Maigh Eo, nó atá ag freastal ar scoil i Maigh Eo, cur isteach ar an scéim. Beidh ar na hiarratasóirí rathúla fianaise a chur ar fáil chun é sin a chruthú.
- Is do na bliainghrúpaí a luaitear thuas amháin an scéim seo. Beidh ar na hiarratasóirí rathúla cruthúnas den bhliainscoile ina bhfuil siad a chur ar fáil.
- Tá an scoláireacht seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal teanga, idir dhaltaí a bhfuil fíorbheagán Gaeilge acu agus iadsan atá líofa sa teanga.
- Is spóirt uisce iad cuid mhaith de na gníomhaíochtaí ar an gcúrsa seo. Ní gá snámh a bheith ag daltaí ach ba cheart go mbeidís compordach san uisce.
- Roghnófar na buaiteoirí as measc na n-iarratas bailí trí mheán crannchuir. Déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo teagmháil leis na hiarratasóirí rathúla ag deireadh mhí Feabhra. Cuirfear fógra ar líne le deimhniú go ndearnadh an crannchur.
- Ní féidir an scoláireacht seo a thabhairt ná a aistriú do dhuine eile.
- Ní féidir ach iarratas amháin a dhéanamh in aghaidh an dalta. Dícháileofar aon dalta a ndéanfar níos mó ná iarratas amháin ina leith.
- Más maith leat iarratas a dhéanamh ar son níos mó ná dalta amháin (le haghaidh deartháireacha nó deirfiúracha mar shampla), cuir iarratais ar leithligh isteach le do thoil.
- Ní ghlacfar le hiarratais ar son daltaí a fuair scoláireacht faoin scéim cheana.
- Iarrfar ar iarratasóirí rathúla freastal ar ócáid bhronnta, a mbeidh grianghrafadóireacht mar chuid di.
Próiseas Iarratais
Is féidir iarratas a dhéanamh trí mheán na foirme ag an nasc thíos. Is do thuismitheoir nó do chaomhnóir an dalta iad formhór na gceisteanna ar an bhfoirm. Tá Ceist 10 le freagairt ag an dalta féin. Bí cinnte an t-eolas agus na téarmaí ar an leathanach seo a léamh go gcúramach sula dtosóidh tú ar an bhfoirm.
Foirm Iarratais: Scoláireacht Ghaeltachta Cháisc 2025 (daltaí sa dara bliain)
Is é 23:59, Déardaoin an 20 Feabhra an spriocam le haghaidh iarratas. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Is féidir ceisteanna a chur chuig gaeilge@mayococo.ie