Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

16 Deireadh Fómhair 2024

Gradaim an Chathaoirligh 2024


Ta fíoráthas ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo go bhfuil an próiseas iarratais do Ghradaim an Chathaoirligh oscailte arís don cheathrú bliain.

Le Gradaim an Chathaoirligh, déanann muid ceiliúradh ar na daoine agus na grúpaí a oibríonn leo féin go ciúin lenár bpobail a dhéanamh níos láidre, níos beoga agus níos cineálta gach lá. Is ó neart go neart atá na gradaim ag dul, le breis agus 100 ainmní ar an ngearrliosta anuraidh, agus os cionn 350 duine i láthair ag an searmanas bronnta. 

Tá athrú déanta ar roinnt catagóirí i mbliana, ina measc sin, Gradam na Gaeilge. Bronnfar an gradam seo ar thionscamh teanga den chéad scoth a reáchtáladh sa bhliain 2024. Tá tuilleadh eolais faoi sin agus faoi na catagóirí eile ar fáil sa leabhrán eolais thíos. 

Is é an 24 Eanáir 2025 an spriocdháta d'iarratais.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha