Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oíche Chultúir

Oíche Chultúir


Ciste Oíche Chultúir Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2024

Tá iarratais á nglacadh anois le haghaidh chiste Oíche Chultúir Mhaigh Eo 2024. Cuirfear tacaíocht ar fáil tríd an gciste seo d'imeachtaí a bheidh ar siúl ar Oíche Chultúir, is í sin, an 20 Meán Fómhair.

Is féidir le heagraíochtaí neamhbhrabúis, grúpaí pobail, grúpaí ealaíon, oidhreachtaí agus cultúir, ionaid agus cumainn cur isteach ar an gciste seo. Ní thig le daoine aonair iarratais a dhéanamh ach amháin má théann siad i gcompháirt le ceann de na cineálacha eagraíochta thuasluaite. Ní chuirfear tacaíocht ar fáil le haghaidh imeachtaí gnó.

Uasmhéid maoinithe: €1000.

Spriocdháta d'iarratais: 5pm Déardaoin an 27 Meitheamh 2024

Treoirlínte. Ciste Imeachtaí Oíche Chultúir Chomhairle Contae Mhaigh Eo 

Foirm Iarratais (leagan Gaeilge ar fáil ach cliceáil ar barr ar dheis). 

Tuilleadh eolais ar fáil ó mayoculturenight@mayococo.ie.

Tugann Comhairle Contae Mhaigh Eo agus an Chomhairle Ealaíon maoiniú straitéiseach ar fáil le haghaidh Oíche Chultúir. Tacaíonn Éire Ildánach, pobail agus ionaid i Maigh Eo léi chomh maith.

Lean muid ar na meáin shóisialta Facebook - @MayoCultureNight  Instagram - Mayo Culture Night

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha