Tionscadal Thoibreacha Beannaithe Mhaigh Eo
Áiteanna beannaithe iad Toibreacha Beannaithe Mhaigh Eo atá suite sa tírdhreach nádúrtha. Is minic gur áiteanna an-seana iad a mbaineann go leor béaloidis agus nósanna traidisiúnta leo. Tá áit thábhachtach i gcultúr na hÉireann ag toibreacha beannaithe, a chuireann áit shuaimhneach ar fáil d’oilithrigh am a chaitheamh dá gcráifeacht phearsanta, le paidreacha a rá agus le leigheas a fháil.
Tá 146 tobar beannaithe curtha i dtaifead i gContae Mhaigh i Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann. Is féidir teacht ar na toibreacha beannaithe i Maigh Eo in go leor láithreacha ar fud an chontae, síos bóithríní, suas sléibhte, i bportaigh, cois cladaigh agus fiú inár mbailte agus ár sráidbhailte. Deirtear paidreacha go rialta ag go leor de na toibreacha i Maigh Eo agus tugtar cuairt go fóill orthu. Tá go leor toibreacha ligthe i ndearmad faoin tráth seo, mar sin féin, agus níl cuimhne ar a láthair agus ar na nósanna a bhain leo.
Thosaigh an Oifig Oidhreachta suirbhéireacht ar thoibreacha beannaithe Mhaigh Eo le cistiú ón gComhairle Oidhreachta. Beidh a mhéid eolas agus is féidir ar thoibreacha beannaithe Mhaigh Eo á bhailiú agus á chur le chéile againn. Beidh eolas áitiúil thar a bheith luachmhar don tionscadal, agus spreagaimid daoine eolas a sholáthar ar a dtoibreacha beannaithe áitiúla.
An bhfuil eolas agat le roinnt faoi Thoibreacha Beannaithe Mhaigh Eo? An dtugtar cuairt go fóill ar thoibreacha nach bhfuil curtha i dtaifead go hoifigiúil? An mbaineann nósanna, deasghnátha, traidisiúin, scéalta, nó leigheas le do thobar beannaithe áitiúil ba mhaith leat a roinnt? An fios duit an lá ar tugadh cuairt ar an tobar agus cén paidreacha a dúradh? Ar fágadh ofrálacha ag an tobar, ag cloch nó ag crann i ngar dó?
Trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé ar líne ar Thoibreacha Beannaithe Mhaigh Eo, cabhróidh tú leis na háiteanna uathúla agus luachmhara seo a chur i dtaifead, atá mar chuid thábhachtach d’oidhreacht Mhaigh Eo.
Lean an nasc thíos le cúpla ceist ghearr a fhreagairt agus leis an eolas faoi do thobar beannaithe is mian leat a roinnt a chur ar fáil.
Beifear an-bhuíoch go deo as an eolas go léir, dá laghad nó dá mhéid é, agus úsáidfear an t-eolas a bhaileofar ón suirbhé le bunachar sonraí buan de thoibreacha beannaithe agus de na creidimh a bhaineann leo a chur le chéile. Coimeádfaidh Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo an t-eolas seo agus cuirfear ar fáil don phobal é.
Is é an dáta deiridh le taifid a bheith seolta Dé Luain, an 2 Deireadh Fómhair 2023.
Má tá aon cheisteanna agat faoin Suirbhé ar Thoibreacha Beannaithe Mhaigh Eo nó má tá tú i do bhall de ghrúpa pobail atá bunaithe i Maigh Eo a bhfuil ar intinn acu tionscadal a fhorbairt le haire a thabhairt don tobar beannaithe i do cheantar, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Tamlyn trí ghlaoch ar 086 8706529 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@fadoarchaeology.com.