Housing Scheme Grants for Older People & people with disabilities Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Scéim Deontais Tithíochta


Deontas Áiseanna Soghluaiseachta

Cuireann an deontas seo maoiniú ar fáil chun oibreacha bunúsacha a dhéanamh ar thithe chun dul i ngleic leis na fadhbanna soghluaisteachta a bhíonn ag daoine aosta go príomha, agus daoine eile freisin. I measc na socruithe a mhaoinítear faoin scéim tá:

  • Greimráille;
  • Rampaí rochtana;
  • Cithfholcadáin boinn leibhéalta;
  • Ardaitheoirí staighre; agus
  • Mionoibreacha eile a meastar gurb éigeantach iad chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta duine den teaghlach.

Deontas na nÁiseanna Soghluaiste - Foirm Iarratais  

An Deontas um Oiriúnú Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tá an deontas seo ar fáil chun oibreacha a mhaoiniú a bhfuil gá réasúnta leo chun teach a chur in oiriúint do dhuine atá faoi mhíchumas, .i. duine a bhfuil máchail fhisiceach, lagú céadfach, nó lagú intleachta orthu, nó a bhíonn i ndrochshláinte intinne ar bhonn seasta. I measc na n-oibreacha a cheadaítear faoin scéim tá rampaí rochtana, leithris ar urlár na talún, ardaitheoirí staighre, cithfholcadáin inrochtana, socruithe chun an áit a chur in oiriúint do chathaoir rothaí, síntí, agus aon oibreacha eile a bhfuil gá réasúnta leo chun teach a chur in oiriúint do dhuine atá faoi mhíchumas.

Deontas chun Teach a chur in Oiriúint do Dhaoine faoi Mhíchumas-Foirm Iarratais

Deontas Cúnaimh Tithíochta do Sheanóirí

Tá an scéim seo ar fáil do dhaoine scothaosta a bhfuil drochchaoi ar an teach acu chun an teach sin a dheisiú nó a chóiriú mar is cuí.   Áirítear i measc na n-oibreacha a mhaoinítear faoin scéim seo: deisiúcháin nó feabhsuithe déanmhasacha; ath-shreangú; deisiúcháin d'fhuinneoga nó doirse nó cinn nua ina n-ionad; feistiú córas teasa; soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta; glantachán; péinteáil agus tirimlíneáil.

Deontas Cúnaimh Tithíochta do Sheanóirí - Foirm Iarratais

Ba cheart foirmeacha iarratais agus iad comhlánaithe a chur isteach chuig d’Oifig Cheantar Bardasach

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha