Seachtain na Gaeilge 2025
Bí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar gach a mbaineann leis an nGaeilge. Tá clár lán imeachtaí curtha le chéile ag Oifig na Gaeilge agus Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Mhaigh Eo idir cheardlanna, chainteanna agus ghníomhaíochta ealaíne. Tá imeachtaí ann d'óg agus aosta agus iad uilig saor in aisce - beidh fáilte roimh chách.
Bróisiúr Sheachtain na Gaeilge
Is féidir amharc ar imeachtaí Gaeilge uile an chontae i mbróisiúr Sheachtain na Gaeilge atá curtha le chéile ag Togra Mhaigh Eo le hurraíocht ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo.
Clár Imeachtaí Poiblí Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Dé Máirt 4ú Márta |
Spraoi agus amhráin do pháistí óga 3pm-4pm Leabharlann Chathair na Mart |
Dé Céadaoin 5ú Márta |
Ciorcal Comhrá agus Ceardaíocht le Miriam 2pm-3.15pm Deis píosa ceardaíochta agus comhrá a dhéanamh le chéile. Ní gá aon taithí ealaíne a bheith ag rannpháirtithe. Leabharlann Chathair na Mart
Club Cúpla Focal Ciorcal comhrá d’fhoghlaimeoirí 18.00-19.00 Leabharlann Chaisleán an Bharraigh |
Déardaoin 6ú Márta |
Club Gaeilge Deis do dhaltaí i rang a 6 agus sa chéad bhliain cuidiú a fháil lena gcuid Gaeilge. Cuir ríomhphost chuig lfoy@mayococo.ie le clárú 16:00 – 17:00 Leabharlann Chaisleán an Bharraigh |
Dé hAoine 7ú Márta |
Am spraoi do pháistí óga 11am-1pm Leabharlann Chathair na Mart |
Dé Sathairn 8ú Márta |
Pop Up Gaeltacht na nÓg
Leabharlann Chaisleán an Bharraigh
|
Dé Máirt 11ú Márta |
Tae agus Plé Buail isteach le haghaidh cupán tae agus comhrá le seanchairde is cairde nua 1pm-2pm Leabharlann Bhéal an Átha
Spraoi agus amhráin do phaistí óga 3pm-4pm Leabharlann Chathair na Mart |
Dé Céadaoin 12ú Márta |
An t-amhránaí ar an sean-nós Astrid Ní Mhongáin ar cuairt ar chiorcal comhrá Chaisleán an Bharraigh 11am-12pm Castle Bookshop, Caisleán an Bharraigh
Mayo Sean-Nós: songs and history le hAstrid Ní Mhongáin (Imeacht dátheangach) 12.30pm – 13.30pm Leabharlann Chaisleán an Bharraigh
Club Cúpla Focal Ciorcal comhrá d’fhoghlaimeoirí 6-7pm Leabharlann Chaisleán an Bharraigh |
Dé hAoine an 14ú Márta |
Am spraoi do pháistí óga 11am-1pm Leabharlann Chathair na Mart |