Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Achaidh Chéide


Braitheann go leor den eolas atá againn ar an luathstair ar dhéantáin seandálaíochta agus ar an bhfianaise sa tírdhreach. Is é an sampla is fearr de seo Achaidh Chéide, atá suite idir Baile an Chaisil agus Béal Deirg i dTuaisceart Mhaigh Eo, ina bhfuil fianaise go raibh daoine ag lonnú anseo breis agus 5000 bliain ó shin. Seo an córas páirceanna Neoiliteach is sine san Eoraip a bhfuiltear eolach air agus tháinig múinteoir áitiúil, Patrick Caulfield, air in 1934 nuair a bhí sé ag baint mhóna. Thug iarsmaí de bhallaí cloiche faoin mbratphortach le fios go raibh córas eagraithe feirmeoireachta ann.

Thosaigh a mhac, an Dr Séamus Caulfield, tochailtí seandálaíochta in 1969, a cheap córas le línte na mballaí cloiche a rianú gan gá a bheith leis an mbratphortach os a gcionn a bhaint. 

Is féidir leat teacht ar níos mó eolais faoi Achaidh Chéide trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Achaidh Chéide.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha