Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Cromleaca


Is ón mBriotáinis a tháinig an focal ‘dolmain’ (cromleac) agus ciallaíonn sé ‘tábla cloiche’. Saghsanna de thuama meigiliteach iad cromleaca ina bhfuil trí ghallán nó níos mó atá mar thaca le cloch aonair mhór nó “liag mhullaigh”.

Tugtar ‘an Ceathrar Maol’ go háitiúil ar chromleac ursanach Bhéal an Átha, atá suite ar chnoc íseal a fhéachann anuas ar an Muaidh. Cuireadh ceathrar fear a bhíodh ina gcléirigh, ar a dtugtar ‘an Ceathrar Maol’, anseo i lár an 6ú haois. Deirtear gur dhúnmharaigh siad Easpag Chill Ala, a raibh an-chion air agus gur dhúnmharaigh deartháir an easpaig iad ina dhiaidh sin mar gheall ar scéiméireacht maidir le teacht i gcoróin ríogacht Chonnacht.

Tá trí chloch mhóra sheasta a thacaíonn le liag mhullaigh ollmhór sa chromleac inniu. B’fhéidir go raibh cloch mhór eile atá suite i ngar don chromleac ar an gceathrú cloch thaca ó thús. 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha