Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Annie O'Donnell


Rugadh Annie O’Donnell (1880-1959) sa Lipe, i ngar don Spidéal, Contae na Gaillimhe.  D’fhág sí a contae dúchais, Gaillimh, le haghaidh a thabhairt ar Mheiriceá in 1898, agus bhí sí i measc na 15,175 bean Éireannach a d’fhág an bhliain sin. D’fhág i bhfad ní ba mhó ban ná fear, agus chuaigh a bhformhór ar aimsir.   Rinne sí cairdeas le Jim Phelan ar an long go Philadelphia.   B’fheirmeoir 22 bliain d’aois as Contae Chill Chainnigh é a d’fhág a bhaile i rith Aifreann an Domhnaigh chun dul ag cónaí lena uncail, tíleoir, in Indianapolis. Chuaigh Annie ag obair mar altra leanaí do theaghlach le W.L. Mellon in Pittsburgh.   Cuid uathúil iad a litreacha chuig Jim Phelan den stór litríochta ar eisimirce na mban atá ag dul i méid: cuirtear scéal marthanach trí bliana ar fáil iontu faoina saol mar altra leanaí.   Cuireadh oideachas maith ar Annie O’Donnell in Éirinn agus tá a litreacha bríomhar agus taitneamhach le léamh.

 

Déantar i litir Annie an 5 Bealtaine 1902 trácht ar an bhfíorbhrón a chruthaíonn leanaí ag fágáil an bhaile:

“Creidim go dtiocfaidh mo dheartháir is óige anseo freisin go luath.   Níl ann ach buachaill óg thart ar 18 mbliana d’aois.   Beidh gach duine, seachas mo dheartháir is sine, tar éis an baile dúchais a fhágáil.   Nach trua go mór gur scéal chomh brónach é?  A luaithe atá buachaill nó cailín aosta go leor chun cuidiú sa teach, tá iallach orthu an áit a fhágáil agus gach seans nach bhfeicfidh siad riamh arís na daoine muinteartha siúd agus gurbh fhada leo sna blianta ina dhiaidh sin fiú uair an chloig a chaitheamh ag spraoi go saonta soineanta sona faoi mar a bhídís ina seanáiteanna cónaithe áille.”

Tugtar le fios i dtaifid na bpaisinéirí ar mhná óga a d’oibrigh i Meiriceá, a thug cuairt abhaile agus a d’fhill mar ‘coimhthígh neamhimirce’, gur ghnách gur tugadh an chuairt sin abhaile tar éis ceithre bliana.   I gcás Annie, ba dhealraitheach gurbh é 1903, a cúigiú bliain i Meiriceá, an tráth inar mhothaigh sí an cumha ba mhó chun filleadh abhaile.

 

Foilsítear litreacha Anne in

Your Fondest Annie

Curtha in eagar ag Maureen Murphy

University College Press, Baile Átha Cliath 2005

Annie O'Donnell.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha