Socrú i Meiriceá
“A athair dhil, ní déarfaidh mé ach gur áit mhaith é seo agus tír mhaith chomh maith mar sa chás nach n-oireann áit amháin do dhuine is féidir leis imeacht go háit eile agus a bheith sona ann gan mórán stró”
Molann bean óg darbh ainm Mary McCarthy an tír nua ina céad litir chuig a hathair. Tá dearcadh an-dearfach ag go leor eisimirceach faoin saol i Meiriceá. Molann siad an tsaoirse, an talamh mhaith feirmeoireachta agus na deiseanna le saol níos fearr a mhaireachtáil. Ach tá go leor litreacha ann ó eisimircigh freisin ina dtugtar fadhbanna agus brón le fios. Déanann na scríbhneoirí foláireamh a thabhairt do mhuintir a dtíre dúchasaí gan teacht anall.
Nuair a roghnaigh na heisimircigh cur fúthu i Meiriceá, bhí roinnt tosca éagsúla mar chúis leis sin. Ba ghnách go ndearna daoine iarracht daoine óna dtír dhúchais féin a lorg. Ba ghnách gur chuidigh gaolta agus cairde lena chéile i dtosach. I dtír nua inar labhraíodh teanga iasachta agus ina raibh nósanna coimhthíocha, mhothaigh daoine sábháilte chun tosú ag maireachtáil i dtimpeallacht inar mhothaigh siad compordach, go pointe áirithe, ar a laghad. Seo an méid a scríobh fear ó Trentino faoi conas a thug a dheartháir aire dó i Meiriceá.
”Nuair a tháinig mé thug mé cuairt ar mo dheartháir a bhí ag an obair agus chuir sé an-fháilte romham. Thug sé gach rud dom a theastaigh uaim chun codladh agus le hithe agus le gléasadh, agus dúirt sé go bhféadfainn fanacht leis chomh fada agus ba mhian liom mar gheall go bhfuilim slán sábháilte fad atáim ag áit mo dhearthár.”
Ba ghá casadh le daoine de náisiúntachtaí eile de réir a chéile, agus ní raibh sin éasca i gcónaí. Scríobh Éireannach ó Iowa:
”Nathracha, ioraí, faolchúnna, Indiaigh, gormaigh, Gearmánaigh, Sualannaigh agus Ioruaigh agus Poncánaigh… Tá an ghráin acu go léir ar an Éireannach, ach is cuma an diabhal, níl an tÉireannach róthógtha leosan.”
Níl cosúlacht ar bith óna chéile idir an cur síos. Bíonn roinnt díobh dearfach, agus ní bhíonn cinn eile chomh dearfach céanna. Is dóchúla gur sheachain roinnt eisimirceach rudaí diúltacha a rá ar mhaithe leo siúd sa bhaile. Rinne duine de na chéad eisimircigh ón tSualainn, Peter Cassel, cur síos ar Mheiriceá in 1845 ar bhealach ar dhócha gur spreag sé machnamh amhrasach ina measc siúd a léigh na litreacha.
”Is eol dom anois gur mhian le go leor daoine a fhoghlaim uaim conas mar atá cúrsaí thall i Meiriceá, maidir le ceisteanna ábhartha agus morálta, ach ní féidir liom aon chur síos a dhéanamh maidir leis seo a thuigfeadh aon duine nár leag cos ar Thalamh Chanán seo.”
Bhí scríbhneoirí eile níos nádúrtha agus scríobh siad freisin faoi eispéiris achrannacha. Scríobh duine de na chéad eisimircigh ó Phoblacht na Seice faoi ionsaí a rinne Indiach:
”Rinne na daoine dearga ionsaí in Meade ar na feirmeoirí eallaigh, agus maraíodh go leor fear agus gortaíodh líon ní ba mhó díobh, fiú.
Níor éirigh le mná agus leanaí an t-uafás a sheachaint agus seoladh an t-eallach chun bealaigh."
Bhí an creideamh an-tábhachtach i measc fhormhór na n-eisimirceach. Bhí meascán eaglaisí agus pobal ann in go leor áiteanna i Meiriceá. Rinne daoine iarracht sna litreacha a sheol siad abhaile lena mhíniú dá ndaoine muinteartha in Éirinn gur éirigh leo, i ndeireadh na dála, leanúint leis an gcreideamh a chleachtadh a bhíodh acu agus iad ina bpáistí. Scríobh Jakub Balatowski in Fishkill, Nua-Eabhrac, litir abhaile go bródúil chuig a bhean chéile sa Pholainn:
“...i Nua-Eabhrac, cathair atá 12 mhíle amach uainn, tá 1 mhilliún saoránach, tá 80 séipéal Caitlicí Rómhánaí agus déantar 392 Aifreann Naofa a cheiliúradh gach Domhnach sna 80 séipéal Caitlicí Rómhánaí seo, ina bhfuil 411 700 áit suite agus thart faoi 146 470 áit seasta… Mar is léir duit, a bhean chéile dhil, tá i bhfad níos mó bóithre agus bóithre níos fearr go Neamh anseo ná mar atá againn sa bhaile…”