Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Obair i Meiriceá


Ba thábhachtach obair a aimsiú agus tosú le hairgead a thuilleamh a luaithe agus ab fhéidir. Saothar dian neamhoilte nár íocadh mórán as a bhí sna chéad phoist, de ghnáth; poist nár theastaigh ó na Meiriceánaigh féin. In 1893, scríobh Sualannach:

“...níor cheart do dhuine ar bith dul go Meiriceá má tá siad os cionn 25 bliain d’aois, tugtar an obair dhian agus ghránna go léir d’eachtraigh, Gearmánaigh agus Sualannaigh...”

Deir iad siúd a chónaigh i Meiriceá ar feadh tamall áirithe an rud céanna agus tugann siad faoi deara le buairt cé chomh sciobtha a aimsíonn na daoine nua obair. Scríobh Éireannach i litir ó Philadelphia in 1904:

  ”Áit an-éiginnte atá á dhéanamh den tír seo don fhear oibre a labhraíonn Béarla, mar gheall gur fearr leis na caipitlithe na hIodálaithe agus daoine eile, daoine ó na codanna theas san Eoraip, cosúil le hUngáraigh, Polannaigh etc. mar gheall go ndéanann siad obair ar luach saothair níos saoire…”

Ba mhinic gur roghnaigh na Sualannaigh agus na Seicigh a tháinig go luath chun obair san fheirmeoireacht. Mhol siad an ithir mhaith agus na féidearthachtaí chun obair le modhanna nua agus le meaisíní a bhain an saothar den obair. Mhínigh na Seicigh Anna agus Josef Vokalek go bródúil in 1861 dá dtuismitheoirí sa bhaile nár theastaigh uathu ag an tráth sin ach cúntóirí a fhostú i rith an tsamhraidh.

”… cad a dhéanfadh cailín aimsire feirme sa gheimhreadh, nuair a úsáidimid meaisín leis an mbualadh a dhéanamh. Bheadh sé róchostasach 3 dhollar sa mhí a íoc léi chun suí sa seomra. Mar sin, ní fhostaímid í ach sa samhradh nuair atá obair le déanamh lasmuigh…”

Thug fear ó Trentino difríocht faoi deara sa rogha oibre idir a thír féin agus náisiúntachtaí eile. Thug sé an difríocht faoi deara freisin i gcomparáid leis na hIodálaigh Dheisceartacha:

”…ceapann ár bhfeirmeoirí nach bhfuil rud ar bith níos fearr ná obair sna mianaigh, b’fhearr leis na hIodálaigh Dheisceartacha, na hEilvéisigh, na Gearmánaigh, na Spáinnigh, na Sínigh agus na Seapánaigh agus gach duine de na heisimircigh ó náisiúin eile a bheith ag obair leis an talmhaíocht agus le beostoc a thógáil.”

Tharla go raibh go leor ban ag obair faoi dheireadh sna monarchana sna cathracha ach bhí níos mó díobh meallta go fóill ag gairmeacha beatha seirbhíse de chineálacha éagsúla. Bhí a mhéid le 70 faoin gcéad de na mná Éireannacha a bhí ag obair fostaithe san earnáil seirbhíse in 1900.

Mná aimsire i Meiriceá.

Ba ghnách go raibh mná ag obair mar mhná aimsire i dteaghlach Meiriceánach, go háirithe i measc mhná óga na Sualainne. Insíonn Lovisa Carlsson in Iowa dúinn faoi na difríochtaí i gcaighdeán i gcomparáid leis an tSualainn:

” … Is é mo thuarastal 2 dhollar sa tseachtain agus is é tuarastal Clara dollar go leith. Caithfidh mé a insint duit freisin faoi m’obair. A luaithe a éirím ar maidin, tá orm tine a lasadh sa tinteán agus an citeal caife a chur síos agus caithfidh mé an tábla a réiteach ansin. Ní bhíonn aon rud eile seachas arán cruithneachta againn agus ní bhíonn orainn é a ithe riamh gan in air.”

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha