Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

R-leabhair agus R-chlosleabhair


Íoslódáil ríomhleabhair agus closleabhair saor in aisce chuig do ghuthán cliste nó do tháibléad (ní oibríonn ríomhleabhair ar ghnáth-ríomhléitheoir Kindle, ach oibreoidh siad ar Kindle Fire), nó is féidir closleabhair a aistriú ó do PC chuig seinnteoir MP3 agus is féidir leat éisteacht leo. 

Cuireann BorrowBox, ó Bolinda, réimse ollmhór leabhair shárdhíola, leabhair a eisíodh le déanaí agus leabhair eile ar fáil lena n-íoslódáil mar Ríomhleabhair agus Ríomh-Chlosleabhair.

Teastóidh uimhir do chárta leabharlainne agus an uimhir aitheantais phearsanta (PIN) uait (an PIN céanna a úsáideann tú le leabhair a athnuachan ar líne) le clárú do BorrowBox.

Is féidir leat é a dhéanamh ANSEO nó trí aip BorrowBox a íoslódáil ón App Store, Google Play nó ó Amazon Fire. Má d’íoslódáil tú an aip, roghnaigh Seirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus logáil isteach le huimhir do chárta (nuair a iarrtar ar Aitheantas/Bharrachód) agus d’uimhir aitheantais phearsanta. Aontaigh leis na téarmaí agus coinníollacha, agus sin é, tá tú sínithe isteach agus réidh le brabhsáil agus le léamh!

Imeoidh na leabhair go huathoibríoch nuair a éagfaidh tréimhse na hiasachta. Má bhíonn aon cheisteanna tacaíochta agat, déan teagmháil, le do thoil, le support@bolindadigital.com 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha