Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Cúrsaí Ríomhfhoghlama


Is fiú duit tabhairt faoi chúrsa le Universal Class! Tá breis agus 500 cúrsa ar fáil ar gach rud idir scileanna oifige agus oiliúint ríomhaireachta agus tuistiú agus féinchabhair. Cabhraíonn fíortheagascóirí le do chuid foghlama a threorú agus cinntíonn ábhar físeánbhunaithe, tástálacha ar a mbronntar grád agus deimhnithe gnóthachtála go mbaineann tú an t-eispéireas foghlama is fearr agus is féidir. 

Le Universal Class, a úsáid, cliceáil ANSEO chun teacht ar fhoghlaim ar líne. Iontráil uimhir do chárta leabharlainne. Roghnaigh údarás do leabharlainne, cláraigh mar úsáideoir nua agus is féidir tosú ag foghlaim!Tá an oiread sin cúrsaí le roghnú – cuntasaíocht, scileanna oifige, tuistiú, scríbhneoireacht chruthaitheach ina measc – níl aon teorainn leis.  

I measc roinnt de na ranganna ar líne, tá an méid seo a leanas: 

  • Cuntasaíocht, leabharchoimeád agus cúrsaí airgeadais 
  • Cúrsaí Scileanna Oifige 
  • Cúrsaí Forbartha Pearsanta 
  • Cúrsaí Oiliúna Ríomhaireachta 
  • Cúrsaí Scríbhneoireachta 
  • Cúrsaí Féinchabhrach 
  • Cúrsaí Tuistithe agus Teaghlaigh 
  • Cúrsaí Oideachais Ghinearálta 

Má tá deacrachtaí agat teacht ar an tseirbhís nó í a úsáid, déan teagmháil, le do thoil, le Tacaíocht ag: universalclass@wfhowes.co.uk 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha