Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Forbairt Pobail

Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail - Comhairliúchán Poiblí


Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) á ullmhú ag Comhairle Contae Mhaigh Eo faoi láthair don tréimhse 2023-2029.

Is plean sé bliana é seo ina leagfar amach na cuspóirí agus gníomhaíochtaí atá de dhíth i gContae Mhaigh Eo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1) forbairt áitiúil agus pobail a spreagadh agus a chothú

2) forbairt eacnamaíoch a spreagadh agus a chothú 

Tá bhur gcuidiú uainn.
Ba mhaith linn bhur dtuairimí a chloisteáil faoi na dréachtchuspóirí pobail agus eacnamaíocha a leagtar amach sa phlean, agus faoi na mianta atá agat don chontae. Ba mhaith linn bhur n‑ionchur agus smaointe a fháil maidir le cén chaoi bailte, pobail agus geilleagair áitiúla a fheabhsú do chuile dhuine a chónaíonn agus a oibríonn i Maigh Eo, agus a thugann cuairt orainn anseo.

Tá roinnt bealaí ann le páirt a ghlacadh:

  1. Tabhair aiseolas faoin Ráiteas Socheacnamaíoch

Tá Ráiteas Socheacnamaíoch réitithe mar chuid de chéad chéim an ullmhúcháin don phlean seo. Is féidir teacht air ag an nasc seo a leanas:

Beidh cóipeanna crua ar fáil ag na láithreacha seo a leanas ó Dé Luain an 28 Deireadh Fómhair go dtí De hAoine an 15 Samhain 2024.

Láthair:

Seoladh

Uaireanta oscailte

An Rannóg Pobail, Comhairle Contae Mhaigh Eo 

Mayo House, Bóthar Mhóinín, Caisleán an Bharraigh.
F23 N504

Luan-Aoine
9am -5pm

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

Bóthar Sheáin de Móra
F23 H330

Luan: Dúnta
Máirt-Céadaoin: 10am - 7pm
Déardaoin-Aoine: 10am - 5pm
Satharn: 10am - 4pm

Leabharlann Chathair na Mart

An Corrán
Cathair na Mart
F28 HE26

Luan: Dúnta
Máirt-Céadaoin: 10am - 7pm
Déardaoin-Aoine: 10am - 5pm
Satharn: 10am - 4pm

Leabharlann Bhéal an Mhuirthead

Áras Inis Gluaire
Béal an Mhuirthead
F26 V348

Luan: Dúnta
Máirt-Céadaoin: 11am - 1pm & 1.30pm - 7pm
Déardaoin: Dúnta
Aoine: 10am - 5pm
Satharn: 10am - 4pm

Leabharlann Bhéal an Átha

Sráid an Phiarsaigh, Béal an Átha
F26 R299

Luan: Dúnta
Máirt-Aoine: 10am - 5pm
Satharn: 10am - 4pm

Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris

Sráid an Daltúnaigh
Clár Chlainne Mhuiris
F12 PC90

Luan: Dúnta
Máirt-Céadaoin: 10am - 7pm
Déardaoin: 10am - 1.30pm & 2pm - 5pm
Aoine: 10am - 1pm & 2pm - 5pm
Satharn: 10am - 4pm

 

  1. Freastail ar Chomhairliúchán Poiblí

Mar chuid den chomhairliúchán seo, lorgófar tuairimí ó dhaoine atá ina gcónaí sna ceithre cheantar bhardasacha sa chontae, agus ó ionadaithe ón earnáil phoiblí, ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phobail.
 

Ceantar Bardasach

Am & Áit

Láthair:

Caisleán an Bharraigh

Dé Luain 4 Samhain 2024
6pm - 7.30pm

Mayo House
Bóthar Mhóinín,
Caisleán an Bharraigh.
F23N504

Béal an Átha

Dé Céadaoin 6 Samhain 2024
6pm - 7.30pm

Áras Kennedy Glasgow
An Ché
Béal an Átha

Cathair na Mart

Dé Luain 11 Samhain 2024
6pm - 7.30pm

Halla an Bhaile, Cathair na Mart
The Octagon,
Cathair na Mart
F28 R240

Clár Chlainne Mhuiris

Dé Céadaoin 13 Samhain 2024
6pm - 7.30pm

Halla an Bhaile, Clár Chlainne Mhuiris,
Bóthar Halla an Bhaile,
Clár Chlainne Mhuiris.
F12 X4E3


Mura bhfuil tú in ann freastal ar aon cheann de na comhairliúcháin ar an láthair, beidh comhairliúchán ar líne ar siúl Dé Luain an 11 Samhain ó 11.30am-1pm.

Logáil isteach anseo:

Nasc le dul isteach sa chruinniú

Meeting ID: 387 915 020 938
Passchód: YRnKL4

Ar ghuthán

+353 1 566 1017, Éire, BÁC
Phone conference ID: 237 731 425#

  1. Déan an Suirbhé ar Líne

Mar chuid den chéim chomhairliúcháin seo, tá suirbhé cruthaithe chun do thuairimí a fháil maidir leis na mórspriocanna a bheidh mar bhunús don chéad LECP eile. Is féidir teacht ar an suirbhé ag an nasc thíos agus glacfar le freagraí go dtí 3pm Dé hAoine an 15 Samhain 2024.

Tá leagan Gaeilge ar fáil ach cliceáil ar an mbosca ar bharr na foirme ar dheis.


Is féidir ceisteanna ar an ábhar seo a chur chuig community@mayococo.ie

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha