Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail - Comhairliúchán Poiblí
Tá Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) á ullmhú ag Comhairle Contae Mhaigh Eo faoi láthair don tréimhse 2023-2029.
Is plean sé bliana é seo ina leagfar amach na cuspóirí agus gníomhaíochtaí atá de dhíth i gContae Mhaigh Eo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1) forbairt áitiúil agus pobail a spreagadh agus a chothú
2) forbairt eacnamaíoch a spreagadh agus a chothú
Tá bhur gcuidiú uainn.
Ba mhaith linn bhur dtuairimí a chloisteáil faoi na dréachtchuspóirí pobail agus eacnamaíocha a leagtar amach sa phlean, agus faoi na mianta atá agat don chontae. Ba mhaith linn bhur n‑ionchur agus smaointe a fháil maidir le cén chaoi bailte, pobail agus geilleagair áitiúla a fheabhsú do chuile dhuine a chónaíonn agus a oibríonn i Maigh Eo, agus a thugann cuairt orainn anseo.
Tá roinnt bealaí ann le páirt a ghlacadh:
- Tabhair aiseolas faoin Ráiteas Socheacnamaíoch
Tá Ráiteas Socheacnamaíoch réitithe mar chuid de chéad chéim an ullmhúcháin don phlean seo. Is féidir teacht air ag an nasc seo a leanas:
Beidh cóipeanna crua ar fáil ag na láithreacha seo a leanas ó Dé Luain an 28 Deireadh Fómhair go dtí De hAoine an 15 Samhain 2024.
Láthair: |
Seoladh |
Uaireanta oscailte |
An Rannóg Pobail, Comhairle Contae Mhaigh Eo |
Mayo House, Bóthar Mhóinín, Caisleán an Bharraigh. |
Luan-Aoine |
Leabharlann Chaisleán an Bharraigh |
Bóthar Sheáin de Móra |
Luan: Dúnta |
Leabharlann Chathair na Mart |
An Corrán |
Luan: Dúnta |
Leabharlann Bhéal an Mhuirthead |
Áras Inis Gluaire |
Luan: Dúnta |
Leabharlann Bhéal an Átha |
Sráid an Phiarsaigh, Béal an Átha |
Luan: Dúnta |
Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris |
Sráid an Daltúnaigh |
Luan: Dúnta |
- Freastail ar Chomhairliúchán Poiblí
Mar chuid den chomhairliúchán seo, lorgófar tuairimí ó dhaoine atá ina gcónaí sna ceithre cheantar bhardasacha sa chontae, agus ó ionadaithe ón earnáil phoiblí, ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phobail.
Ceantar Bardasach |
Am & Áit |
Láthair: |
Caisleán an Bharraigh |
Dé Luain 4 Samhain 2024 |
Mayo House |
Béal an Átha |
Dé Céadaoin 6 Samhain 2024 |
Áras Kennedy Glasgow |
Cathair na Mart |
Dé Luain 11 Samhain 2024 |
Halla an Bhaile, Cathair na Mart |
Clár Chlainne Mhuiris |
Dé Céadaoin 13 Samhain 2024 |
Halla an Bhaile, Clár Chlainne Mhuiris, |
Mura bhfuil tú in ann freastal ar aon cheann de na comhairliúcháin ar an láthair, beidh comhairliúchán ar líne ar siúl Dé Luain an 11 Samhain ó 11.30am-1pm.
Logáil isteach anseo:
Nasc le dul isteach sa chruinniú
Meeting ID: 387 915 020 938
Passchód: YRnKL4
Ar ghuthán
+353 1 566 1017, Éire, BÁC
Phone conference ID: 237 731 425#
- Déan an Suirbhé ar Líne
Mar chuid den chéim chomhairliúcháin seo, tá suirbhé cruthaithe chun do thuairimí a fháil maidir leis na mórspriocanna a bheidh mar bhunús don chéad LECP eile. Is féidir teacht ar an suirbhé ag an nasc thíos agus glacfar le freagraí go dtí 3pm Dé hAoine an 15 Samhain 2024.
Tá leagan Gaeilge ar fáil ach cliceáil ar an mbosca ar bharr na foirme ar dheis.
Is féidir ceisteanna ar an ábhar seo a chur chuig community@mayococo.ie