Cigireachtaí agus Gearáin
Íoschaighdeáin le haghaidh Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos
Íoschaighdeáin le haghaidh Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos – Cigireachtaí ar Réadmhaoin ina bhfuil Tionóntachtaí Cónaitheacha Príobháideacha
-
Caighdeáin Tithíochta agus Cigireachtaí
Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo tiomanta do chaighdeán maireachtála a fheabhsú do thionóntaí atá ina gcónaí i tithíocht phríobháideach ar cíos. Baintear é sin amach le cigireachtaí ar réadmhaoin phríobháideach ar cíos, i gcomhréir le Rialacháin Rialtais. Mar sin féin, má tá deacracht ag tionóntaí ina réadmhaoin, ba cheart dóibh i gcónaí é sin a thuairisciú don tiarna talún ar an gcéad dul síos. Is féidir le tionóntaí a bhfuil fadhbanna acu cigireachtaí íoschaighdeán a iarraidh ach ríomhphost a sheoladh chuig ims@mayococo.ie. Déanfaidh an tAonad Cigireachtaí Tithíochta iarracht a chinntiú go ndéanfar cigireachtaí in am trátha tar éis dó gearán a dhéanamh
-
Íoschaighdeáin le haghaidh cóiríocht phríobháideach ar cíos
Is é príomhchuspóir na Rialachán um Chaighdeáin Tithíochta íoschaighdeáin a bhunú chun sláinte agus folláine tionóntaí a chosaint agus a chinntiú go mbeadh tithe príobháideacha ar cíos sábháilte agus oiriúnach le haghaidh cónaithe.
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar thiarnaí talún a chinntiú go gcoimeádtar caoi mhaith ar a dtithe príobháideacha ar cíos (lena n-áirítear tithe agus árasáin), go bhfuil siad dea-dheisithe agus go gcomhlíonann siad na Rialacháin. Maidir le tiarnaí talún nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí dlíthiúla i dtithe príobháideacha ar cíos, féadfar iad a ionchúiseamh agus má chiontaítear iad, féadfar fíneáil nó príosúnacht, nó an dá rud, a ghearradh orthu.
Tá mionsonraí faoi na nithe seo a leanas sa reachtaíocht um chaighdeáin tithíochta agus sa treoir theicniúil:
- Baill struchtúrach
- Saoráidí sláintíochta
- Saoráidí Teasa
- Ullmhú agus Stóráil Bia agus Níocháin
- Aeráil
- Soilsiú
- Sábháilteacht Dóiteáin
- Dramhaíl
- Leictreachas agus Gás
- Déileáil le Gearáin
Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teacht ar an reachtaíocht lena mbaineann ag www.environ.ie nó www.irishstatutebook.ie
-
Cigireachtaí ar Chóiríocht Phríobháideach ar Cíos
I gContae Mhaigh Eo, is í Comhairle Contae Mhaigh Eo, ina ról mar údarás tithíochta, atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann réadmhaoin na caighdeáin le haghaidh cóiríocht ar cíos. Is trí mheán cigireachtaí a thagtar ar na cinntí sin. Sa chás nach gcomhlíonann cóiríochtaí na caighdeáin sin, tá an Chomhairle freagrach as comhlíontacht a chinntiú le fógraí feabhsúcháin agus toirmisc, agus le nósanna imeachta dlíthiúla.
Tá ar thiarnaí talún agus ar thionóntaí cead a thabhairt don Údarás Tithíochta rochtain a fháil ar an réadmhaoin chun an chigireacht a dhéanamh.
Sa chás nach léir tar éis cigireachta go gcomhlíonann réadmhaoin ar cíos na Rialacháin, féadfaidh an tÚdarás Tithíochta a iarraidh ar an tiarna talún an fhianaise is gá a chur ar fáil le deimhniú an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an réadmhaoin riachtanais na Rialachán.
Más tionónta thú agus má shíleann tú nach gcomhlíonann do réadmhaoin ar cíos na híoschaighdeáin, ba cheart duit é sin a phlé le do thiarna talún. Mura bhfuil tú féin agus do thiarna talún in ann teacht ar réiteach go neamhfhoirmiúil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus do fhreagrachtaí.
Mura sásaítear na híoschaighdeáin agus má dhiúltaíonn an tiarna talún na deisiúcháin is gá a dhéanamh, féadfaidh an tionónta a iarraidh ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo cigireacht a dhéanamh agus fógra feabhsúcháin a eisiúint le cloí leis na caighdeáin más gá.
-
Forfheidhmiú caighdeán tithíochta
Tá ceangal dlíthiúil ar thiarnaí talún na caighdeáin le haghaidh tithíocht ar cíos a chomhlánú agus ba cheart dóibh a chinntiú go gcomhlíonann a réadmhaoin na caighdeáin dóiteáin agus na rialacháin um íoschaighdeáin tithíochta le haghaidh réadmhaoin ar cíos. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as comhlíonadh na n-íoschaighdeán agus na gcaighdeán dóiteáin a chinntiú.
Mura gcomhlíonann tiarnaí talún na híoschaighdeáin, féadfar pionóis a ghearradh orthu agus iad a ionchúiseamh. Féadfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo Fógraí Feabhsúcháin agus Fógraí Toirmisc a chur chuig tiarnaí talún a sháraíonn na rialacháin um íoschaighdeáin.
Leagtar amach i bhFógraí Feabhsúcháin na hoibreacha a dhéanfaidh an tiarna talún chun sárú ar na rialacháin a leigheas. Mura ndéanann an tiarna talún na hoibreacha sin, féadfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo Fógra Toirmisc a éisiúint, ina n-ordaítear don tiarna talún gan an teach a athligean ar cíos go dtí go leigheasfar an sárú ar na rialacháin.
-
Déileáil le Gearáin
Má tá tionóntaí ina gcónaí i gcóiríocht nach gcomhlíonann na caighdeáin lena mbaineann, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an tiarna talún ar an gcéad dul síos chun deis a thabhairt dó nó di an cás a chur ina cheart. Más rud é go bhfuil fógra curtha chuig an tiarna talún maidir leis na hoibreacha is gá, ach nach bhfuil an deacracht réitithe ag an tiarna talún, ansin is féidir leis an tionónta an cás a chur ar aghaidh chuig an Aonad Cigireachta i Rannán Tithíochta Chomhairle Contae Mhaigh Eo le go bhfiosrófar an cás.
Má dhéanann tionóntaí teagmháil leis an Aonad Cigireachta i Rannán Tithíochta Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ba cheart dóibh a n-ainm iomlán, a seoladh, Eircode agus uimhir ghutháin nó fóin póca a chur ar fáil, chomh maith leis na sonraí uile a bhaineann lena n-ábhar gearáin nó lena gceist. Ba cheart ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tiarna talún a chur ar fáil freisin.
-
Gearáin nach féidir linn déileáil leo
Ní féidir linn deileáil le gearáin sna cásanna seo a leanas:
- Is gearáin anaithnid iad
- Ní bhaineann an cheist le caighdeáin tithíochta
- Níor cuireadh dóthain faisnéise ar fáil chun an cás a fhiosrú
- Má tá an tAonad Cigireachta i rannán Tithíochta Chomhairle Contae Mhaigh Eo den tuairim gur gá an gearán a fhiosrú tuilleadh, déanfar coinne chun cigireacht a dhéanamh ar an teach agus tionscnófar gníomhartha eile más gá.
-
Cén chaoi ar féidir cigireacht ar íoschaighdeáin a iarraidh?
Is féidir ceisteanna, iarraidh nó gearáin a chur ar ríomhphost chuig Aonad Cigireachta Tithíochta Chomhairle Contae Mhaigh Eo: ims@mayococo.ie
Teileafón: 094 9064510
Seoladh Poist: IMS, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Teach an Choláiste, Bóthar an Stáisiúin, Béal Átha na Muice, Contae Mhaigh Eo, F12 V126
- Treoirlínte d'údaráis tithíochta maidir le cur chun feidhme íoschaighdeán i gcóiríocht phríobháideach ar cíos
-
Naisc Úsáideacha
An Bord Um Thionóntachtaí Cónaithe
Cearta agus freagrachtaí tiarnaí talún agus tionóntaí
Treoirlínte le haghaidh Údaráis Tithíochta - Íoschaighdeán i gCóiríocht ar Cíos (2021)
Treoir maidir le hÍoschaighdeáin le haghaidh Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos
Bileoga Íoschaighdeán agus Sábháilteachta Dóiteáin
-
Seánadh
Cuirtear an fhaisnéis seo ar fáil chun críocha comhairle amháin agus ní mhaítear gur léamh cinntitheach ná dlíthiúil í ar na caighdeáin tithíochta agus ní féidir í a thuiscint ar an mbealach sin. D’fhéadfadh faisnéis mhíchruinn a bheith ar na leathanaigh sa rannán seo. Féadfar nuashonrú a dhéanamh ar na leathanaigh sa rannán seo ó am go chéile, ach ní ghlacaimid freagracht ar bith as an bhfaisnéis a choimeád cothrom le dáta ná ní ghlacaimid le dliteanas ar bith as mainneachtain déanamh amhlaidh.