Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Tithe Folmha


Roghanna le haghaidh tithe folmha


  • An bhfaca tú tithe folmha i do cheantar féin?

    Má tá a fhios agat go bhfuil teach folamh nó tithe folmha i do cheantar féin, is féidir leat tuairisc anaithnid a chur isteach ar vacanthomes.ie

  • An bhfuil teach folamh agatsa?

    Uaireanta is deacair d’úinéirí tithe folmha eolas a fháil faoi na roghanna atá ar fáil dóibh chun an teach a úsáid arís.

    Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag iarraidh tithe oiriúnacha a fháil ar fud Chontae Mhaigh Eo chun tithíocht a sholáthar agus chun ár spriocanna a bhaint amach

  • Buntáistí a bhaineann le do theach a bheith in úsáid arís:
    • Is féidir leat luach caipitil do thí a mhéadú
    • Bíonn acmhainneacht infheistíochta fadtéarmaí ag baint le háitribh a choimeádtar i mbaill mhaith
    • Beidh an teach níos tarraingtí le ceannach
    • Bíonn an teach slán ó iompar frithshóisialta agus loitiméireacht 
    • Cuirtear teach ar fáil do dhaoine a bhfuil tithíocht uathu.  

    Tithe a Thabhairt ar ais - Lámhleabhar le haghaidh Tithe a Athúsáid 

    Ceapadh an lámhleabhar seo chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine chun seanfhoirgnimh nó foirgnimh fholmha inár mbailte agus inár gcathracha a athúsáid, agus chun an próiseas sin a éascú. Tugtar soiléireacht sa lámhleabhar maidir le cur i bhfeidhm na riachtanas rialála atá anois ann maidir le cineálacha foirgnimh coitianta. Tá treoir ann maidir le hathúsáid na bhfoirgneamh sin a éascú freisin

  • Vacant Property Refurbishment Grant: Croí Cónaithe (Towns) Fund

    The Croí Cónaithe (Towns) Fund is a fund that is to be delivered by local authorities. The aim of the fund is to provide new choices for people to live in towns and villages. Initially the fund is for the provision of a grant to support the refurbishment of vacant properties, with priority given to areas where the level of vacancy or dereliction is high.

    Under the scheme all locations across the County are eligible – villages, towns and rural locations.

    A grant of up to a maximum of €50,000 will be available for the refurbishment of vacant properties for occupation as a principal private residence. As of May 2023 the grant has been expanded to include those who wish to refurbish a property and make it available to rent. A maximum top-up grant amount of up to €20,000 will be available where the property is confirmed by the applicant to be derelict (i.e. structurally unsound and dangerous) bringing the total grant available for a derelict property up to a maximum of €70,000.

    To find out more about the fund and the criteria involved please click here or contact the Vacant Homes Officer for Mayo County Council on vacanthomes@mayococo.ie

  • An Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe

    Tá an Scéim Deisiúcháin agus Léasála dírithe ar úinéirí tithe folmha nach bhfuil sé d’acmhainn acu, nó nach bhfuil an maoiniú acu, tithe folmha a choiriú ar an gcaighdeán is gá chun iad a chur ar cíos.

    Má tá teach, árasán nó seomra suí agus leapa agat atá folamh le bliain anuas nó níos faide ná sin, agus ar gá athchóiriú a dhéanamh air le go mbeidh sé ar an gcaighdeán cuí lena ligean ar cíos, is féidir leat do spéis sa scéim a léiriú do d’údarás áitiúil.

    Más gá deisiúcháin a dhéanamh san áitreabh, íocfaidh údarás áitiúil nó Comhlacht Ceadaithe Tithíochta roimh ré as obair dheisiúcháin a bhfuil uasluach €60,000 léi le CBT san áireamh. Mar chúiteamh, is gá an réadmhaoin a chur ar fáil mar thithíocht shóisialta ar feadh cúig bliana ar laghad faoi léas díreach nó faoi Chomhaontú um Rochtain Réadmhaoine ar Cíos (RAA)

  • An Scéim Ceannaigh agus Athnuachana

    Tá an Scéim Ceannaigh agus Athnuachana cosúil leis an Scéim Deisiúcháin agus Léasála, ach go bhfuil an rogha inti go gceannódh an t-údarás áitiúil an réadmhaoin seachas í a thógáil amach ar léas.

    Is éard a bheadh i gceist leis seo ná go ndíolfá do theach leis an údarás áitiúil. Dírítear an scéim ar sheantithe folmha go háirithe, chun dul i ngleic le dúshlán an dearóilithe agus chun cuma na háite a fheabhsú

  • Léasáil Fhadtéarmach

    Rogha mhaith a bheadh sa léasáil fhadtéarmach duit má tá teach nó árasán agat atá folamh agus a bhfuil caoi mhaith air. Níl an éiginnteacht a bhaineann le teach a ligean ar cíos i gceist leis an scéim seo, toisc go mbíonn téarmaí 10-20 bliain i gceist. Tá sí inmharthana ó thaobh airgeadais de freisin, toisc go bhfaightear 80% den chíos margaidh gach mí.

    Seo cuid de na buntáistí a bhaineann leis an scéim seo:  

    • Ní gá tionontaí a bhainistiú
    • Níl cíos ná riaráistí le bailiú
    • Ní gá aon chothabháil a dhéanamh ar an teach ó lá go lá
    • Níl táillí fógraíochta ná riaracháin i gceist
  • Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP)

    Is cineál tacaíochta tithíochta sóisialta í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta a chuirtear ar fáil do dhaoine a cháilíonn le haghaidh cúnaimh agus a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu. Faoin scéim seo, déantar íocaíochtaí díreacha leis an tiarna talún thar ceann an tionónta, faoi réir uasteorainneacha cíosa.  

    Seo cuid de na buntáistí a bhaineann leis an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta do thiarnaí talún:

    • Íocaíocht leictreonach dhíreach gach mí 
    • Gan ghá le bailiú cíosa 
    • Faoiseamh cánach 100% ar ús morgáiste mar chaiteachas in aghaidh ioncam cíosa

    Nóta: Tá an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine gan Dídean cosúil leis Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, ach tá discréid léi na teorainneacha cíosa a shárú i gcás teaghlaigh gan dídean

  • An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS)

    Is tionscnamh í an Scéim um Chóiríocht ar Cíos a ceapadh chun freastal ar dhaoine atá ag fáil forlíonadh cíosa agus a bhfuil cónaí orthu san earnáil cíosa príobháidigh le 18 anuas nó níos faide. Téann údaráis áitiúla i mbun conarthaí díreacha le tiarnaí talún chun a n-áitribh a fháil go meántéarmach nó go fadtéarmach.  

    Seo cuid de na buntáistí atá ag an scéim d’úinéirí:

    • Íocaíochta prasa díreacha ón Údarás Áitiúil ar feadh an chonartha 
    • Is féidir le tiarnaí talún íocaíocht a fháil má bhíonn an réadmhaoin folamh idir tionóntachtaí
    • Faoiseamh cánach 100% ar ús morgáiste mar chaiteachas in aghaidh ioncam cíosa.
  • Cé leis ar cheart dom teagmháil a dhéanamh?

    Más maith leat do roghanna a phlé tuilleadh, déan teagmháil leis an Oifigeach um Thithe Folmha:  

    Deirdre Swords, Uasal
    An Oifig Tithíochta 
    Teach an Choláiste 
    Bóthar an Stáisiúin 
    Béal Átha na Muice 
    Contae Mhaigh Eo 
    F12 V126 

    Fón: +353 (0) 94 9064951

    Seoladh ríomhphoist: dswords@mayococo.ie

    Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Thithe Folmha más fearr leat ag vhu@housing.gov.ie 

    FÉACH FREISIN: 

    Tithe Folmha - Déan Tuairisc Anaithnid

    Atógáil Éireann

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha