Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Pleanáil

CFS Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire


Déanfar soláthar in CFS Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire do mhol nua gnó agus fiontair. Beidh seo i bhfoirm campais a bhfuil mar chuspóir aige tionscail nua ghnó agus nuálacha a shaothrú agus a bhunú a bhaineann leas as na tairbhí a chruthaíonn maireachtáil agus gnó a dhéanamh in Iarthar na hÉireann. Leagfar béim orthu siúd a dteastaíonn nasc leis an aerfort uathu.  Éascóidh sé áiseanna óstáin agus comhdhála a chuireann le timpeallacht ghnó láthair an aerfoirt.

D’fhéadfadh Scéim an CFS, má tógtar í ar lánacmhainn, achar 95,025 méadar cearnach de spás Tráchtála, Gnó agus Fiontraíochta, 44,000 méadar cearnach d’Fhorbairt Gheilleagrach agus Seirbhísí Eitlíochta, agus 11,000 méadar cearnach de spás urláir Cóiríochta Óstáin agus Comhdhála a sholáthar. Beidh sé in ann fostaíocht a sholáthar amach anseo do nach mór 4,200 duine.

Is é Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire an rud is mó a chuireann dlús le Conair Gheilleagrach an Atlantaigh (CGA) – tá sé suite go lárnach agus freastalaíonn sé ar réigiún an Iarthuaiscirt mar mhol le haghaidh taisteal idirnáisiúnta. Cuirfidh an CFS feabhas breise ar acmhainn CGA san Iarthuaisceart agus cuideoidh sé lena chumas a mhéadú feidhmiú mar shamhail chomhtháite d’fhorbairt gheilleagrach chothrom réigiúnach.

Baineann na cáipéisí seo a leanas leis an gcéim seo den phróiseas comhairliúcháin.

  •  
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha