Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Pleanáil

What is a Strategic Development Zone?


Limistéar talún é Crios Forbartha Straitéisí (CFS) a mbeartaítear forbairtí lena mbaineann tábhacht gheilleagrach nó shóisialta don Stát a lonnú ann. Is é an Rialtas a dhéanann an cinneadh láithreán a ainmniú mar CFS, tar éis don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil é sin a mholadh.

Rinne Comhairle Contae Mhaigh Eo iarratas in 2008 ar an Aire (DoEHLG) le tailte ag Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire a ainmniú mar Chrios Forbartha Straitéisí (CFS). Mar fhreagairt air sin, mhol an Roinn go n-ullmhaítear Plean Ceantair Áitiúil (PCÁ) agus é i gceist saincheisteanna forbartha a shainaithint a bhféadfadh gur gá dul i ngleic leo sula ndéanfaí togra Forbartha Straitéisí chomh maith le forbairt sa limistéar díreach timpeall air a threorú ar bhealach pleanáilte agus comhtháiteach. Ghlac Comhairle Contae Mhaigh Eo le Plean Ceantair Áitiúil Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire 2012-2018 i nDeireadh Fómhair 2012. Rinneadh tréimhse saoil an PCÁ a shíneadh ina dhiaidh sin go dtí Meitheamh 2022 lena chinntiú go leanann cuspóirí forbartha an PCÁ de bheith i bhfeidhm go dtí an tráth sin go nglacfar le Scéim Pleanála an CFS.

Fuair Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire ceadú an 30 Bealtaine 2017 trí ordú an Rialtais (I.R. Uimh. 266 de 2017) le tailte a ainmniú mar limistéar ina mbunófaí Crios Forbartha Straitéisí.

Ghlac Comhairle Contae Mhaigh Eo an 9 Meán Fómhair 2019 leis an CFS.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha