Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Pleanáil

Forfheidhmiú Pleanála

Déanann an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála líomhaintí i leith forbairt neamhúdaraithe a imscrúdú agus a phróiseáil i gcomhréir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).

Déanann an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála líomhaintí i leith forbairt neamhúdaraithe a imscrúdú agus a phróiseáil i gcomhréir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).

Déanann an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála líomhaintí i leith forbairt neamhúdaraithe a imscrúdú agus a phróiseáil i gcomhréir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Meastar go bhfuil forbairt neamhúdaraithe sna cásanna seo a leanas:

  • Teastaíonn Cead Pleanála agus ní bhfuarthas é.
  • Tugadh Cead Pleanála ach níor tugadh faoin bhforbairt i gcomhréir leis na pleananna a seoladh ar aghaidh nó le coinníollacha an cheada pleanála a tugadh.
  • Ní shásaíonn sé na coinníollacha agus na teorainneacha go léir chun go meastar gur forbairt dhíolmhaithe í.

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir leis an t-údarás pleanála a bheith faoi urchosc reachta as dul i mbun aon ghníomh forfheidhmiúcháin i leith forbairt neamhúdaraithe má sáraíodh na teorainneacha ama reachtúla ó tugadh faoin bhforbairt neamhúdaraithe, de réir alt 157(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).

Ba cheart a thabhairt faoi deara chomh maith gur saincheisteanna sibhialta iad saincheisteanna a bhaineann le húinéireacht talún nó sárú ar réadmhaoin nó ar theorainneacha agus ní ceisteanna iad ar féidir le Pleanáil Forfheidhmithe dul i mbun gnímh ina leith.


Áiteanna& Struchtúir Chontúirteacha agus Láithreáin Thréigthe

Read More

Glacadh ar Láimh

Read More

Forbairtí Neamhúdaraithe

Forbairt neamhúdaraithe a thabhairt le fios

Read More

Corrthrádáil agus Taibhiú Sráide

Read More
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha