Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Forbairtí Neamhúdaraithe


Más mian leat forbairt neamhúdaraithe a thabhairt le fios, is féidir leat gearán a dhéanamh i scríbhinn leis an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála nó an fhoirm ghearáin atá ar ceangal thíos a líonadh.

Ba cheart go mbeadh a mhéid eolas agus is féidir i ngearáin, seoladh cruinn láithreán na forbartha san áireamh, agus is fearr an láthair a bheith marcáilte ar léarscáil, cur síos mionsonraithe a dhéanamh ar an bhforbairt a líomhnaítear atá neamhúdaraithe agus, sa chás gurb eol, sonraí a thabhairt faoin úinéir/bhforbróir agus an dáta a tosaíodh an fhorbairt.

Ba cheart an fhoirm a shíniú. Teastaíonn d’ainm agus do sheoladh chun imscrúdú iomlán a dhéanamh ar an ngearán agus le thú a choinneáil ar an eolas ar aon fhógraí reachtúla a sheirbheáiltear agus ar thoradh imscrúduithe. Déanfaidh an Oifig Forfheidhmithe Pleanála iarracht aitheantas an ghearánaí a choinneáil faoi rún. D’fhéadfadh gearáin gan ainm teorainn a chur ar scóip an phróisis imscrúdaithe.

Is féidir an fhoirm ghearáin líonta a sheoladh chuig an Oifig Forfheidhmithe Pleanála, Stáisiún Dóiteáin, Bealach Humbert, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo nó ar ríomhphost chuig planningenforcement@mayococo.ie

An Próiseas Forfheidhmithe

  • Faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), is féidir leis an údarás pleanála tabhairt faoi ghníomh nuair a fhaightear gearán i scríbhinn ina líomhnaítear forbairt neamhúdaraithe.
  • Nuair a mheasann údarás pleanála go bhféadfadh gur thit forbairt neamhúdaraithe amach, eiseoidh sé Litir Rabhaidh faoi alt 152 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).
  • Tugtar 4 seachtaine sa Litir Rabhaidh le haighneacht a dhéanamh mar fhreagra, agus déanfaidh an t-údarás pleanála cinneadh ina dhiaidh sin faoi cén gníomh breise atá riachtanach, má tá gníomh ar bith riachtanach, ar aon dul le forálacha alt 153 den Acht, agus aird ar aon aighneacht a fuarthas agus aon bhreithnithe ábhartha eile.
  • Is féidir Fógra Forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ina dhiaidh sin faoi alt 154 den Acht a cheanglaíonn ar an bhforbróir, an t-úinéir, an t-áititheoir nó aon duine eile a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an bhforbairt neamhúdaraithe dul i mbun pé bearta a mheasann an t-údarás pleanála is gá chun an fhorbairt a thabhairt chun rialtachta. Leagtar amach i bhFógra Forfheidhmiúcháin gur gá don chomhairle an cion a chur ina cheart agus tá amfhráma ann freisin ar gá an obair a chríochnú laistigh de.  Cion é gan Fógra Forfheidhmiúcháin a chomhlíonadh.
  • Má theipeann ar aon duine a seirbheáiltear Fógra Forfheidhmiúcháin orthu a riachtanais a chomhlíonadh, is féidir leis an gcomhairle tús a chur le himeachtaí dlíthiúla sa Chúirt Dúiche.

Is féidir teacht ar eolas breise i dtaca leis an bpróiseas forfheidhmithe pleanála in Treoir maidir le Forfheidhmiú Pleanála in Éirinn a d’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Cosaint Sonraí

Déantar an t-eolas go léir a fhaigheann Comhairle Contae Mhaigh Eo a fháil agus a phróiseáil i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988, 2003 agus 2018 anuas ar Reachtaíocht reatha RGCS an AE. Ní úsáidfear d’fhaisnéis ach i bhfeidhmiú ár n-údaráis oifigiúil agus ní úsáidfear í d’aon chuspóir eile. Ní roinnfimid do shonraí le tríú páirtithe murach go gceanglaítear amhlaidh a dhéanamh faoin dlí.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi chosaint sonraí, déan teagmháil, le do thoil, le dataprotection@mayococo.ie

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha