Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ginealach


Má theastaíonn uait stair do theaghlaigh a rianú nó eolas a fháil faoin áit ónar tháinig do shinsir, ba cheart duit aghaidh a thabhairt i dtosach ar Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.

Anuas ar go leor acmhainní páipéir agus ar mhicreascannán a bheith inár Roinn Staidéir Áitiúil i gCaisleán an Bharraigh, soláthraímid naisc leis an dá Ionad Stair Theaghlaigh sa chontae.  

Is é an leabhar caighdeánach ar ghinealas na hÉireann Tracing your Irish Ancestors le John Grenham (Gill Books, 2019). Scríobh Brian Smith leabhar gearr, Tracing your Mayo Ancestors (Flyleaf Press, 2019), atá ar fáil inár mbrainsí leabharlainne go léir.

 

 

  • Bunachar Sonraí Dhaonáireamh 1901

    Is féidir bunachar sonraí inchuardaithe ina bhfuil an t-eolas a rinneadh a thras-scríobh ó Dhaonáireamh na hÉireann 1901 a chuardach ag http://www.leitrim-roscommon.com/1901census/.

    Tá an bunachar sonraí iomlán anois do Chontaetha Mhaigh Eo, Ros Comáin, Liatroma agus Shligigh agus tá sé críochnaithe go páirteach do Chontae na Gaillimhe.  

     

  • Daonáireamh na hÉireann 1901 agus 1911 do Chontae Mhaigh Eo

    Ainmneacha gach duine i ngach teach agus a n-aois, a gcreideamh, a ngairm bheatha, a stádas pósta, a ngaol le ceann an teaghlaigh, a gcumas léitheoireachta agus scríofa agus a gcumas Gaeilge a labhairt, á dtabhairt acu. 


    Tá Daonáirimh na hÉireann, 1901 agus 1911 ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúntaar féidir iad a chuardach faoi gach catagóir eolais

     

     

  • Acmhainní Seachtracha
  • Luacháil Uí Ghríofa 1855-1857

    Liostaí de na sealbhóirí réadmhaoine go léir i ngach baile fearainn i gContae Mhaigh Eo, an duine ónar léasaíodh an réadmhaoin agus méid an ghabháltais. Tá Luacháil Uí Ghríofa ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin askaboutireland

  • Foinsí Eile

    I measc na bhfoinsí eile a choinnítear inár Roinn Staidéir Áitiúil i gCaisleán an Bharraigh, tá: 

    • Taifid Pharóiste - Buiríos Umhaill, Acaill, Baile Chruaich, Cill Bheitheach 
    • Taifid Bhaiste Mhodhacha: 
      Caisleán an Bharraigh 1829 - 1954 
      Béal an Mhuirthead 1851 - 1861 
      Cathair na Mart 1853 - 1862 
    • Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna ó na 1830idí - Taifead ar shealbhóirí réadmhaoine i ngach paróiste agus an méid cánach a gearradh ar chothabháil a dhéanamh ar an eaglais bhunaithe. Tá roinnt paróistí neamhiomlán. (micreascannán) 
    • Inscríbhinní ar leaca uaighe - Seanreilig Chaisleán an Bharraigh, Seanreilig agus Reilig Nua Mhílic, na Críocha Dubha Thuaidh, Bun na Fionnghlaise agus Baile an Róba 

     

  • Cén áit le tosú?

    Tá Taifid Ghinealais do Mhaigh Eo á gcoinneáil ag dhá ionad mhóra taighde: Ionad Oidhreachta Teaghlaigh Mhaigh Eo Thuaidh i ngar do Chrois Mhaoilíona agus Ionad Taighde Teaghlaigh Mhaigh Eo Theas i mBaile an Róba. Is féidir teacht ar bhunachar sonraí de thaifid an ionaid ina bhfuil taifid ar Bhreitheanna/Bhaistí agus ar Phóstaí agus ar Bhásanna ó thart ar 1850 go 1900 ag Mayo Ancestors 

    Cuimsítear sna taifid roimh 1901: 

    • Taifid ar Phóstaí Eaglaise agus Sibhialta 
    • Taifid eaglaise ar Bhaistí agus taifid Shibhialta ar Bhreitheanna, agus 
    • Taifid Eaglaise ar Adhlacthaí agus Taifid Shibhialta ar Bhásanna 

    Tá dátaí éagsúla tosaithe ag taifid eaglaise, ag brath ar an bParóiste nó ar an bPobal agus is gnách go dtosaíonn na taifid Shibhialta in 1864, seachas i gcás póstaí neamh- Chaitliceacha ar cuireadh tús leo in 1845. Rinneadh taifid do roinnt paróistí Eaglais na hÉireann a scriosadh go hiomlán nó go páirteach, i dtine Oifig na dTaifead in 1922.  

    Tá eolas breise ar fáil ag suíomhanna gréasáin  Ionad Oidhreachta Mhaigh Eo Thuaidh Teoranta agus ag Ionad Taighde Teaghlaigh Mhaigh Eo Theas: http://www.rootsireland.ie/mayo-south-family-research-centre/ websites.

     

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha