Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seandálaíocht Mhaigh Eo


Oibríonn seandálaithe a oibríonn i gComhairle Contae Mhaigh i gcomhar le comhghleacaithe ar fud na heagraíochta le suíomhanna agus séadchomharthaí a chosaint i rith céimeanna pleanála agus tógála oibreacha laistigh den chontae. Oibríonn siad lena mhéid agus is féidir a chur i dtaifead agus a aisghabháil nuair a imríonn oibreacha mórscála tionchar ar shuíomhanna seandálaíochta nó stairiúla agus, nuair atá amhlaidh á dhéanamh acu, caomhnaíonn siad taifead dár gcontae le himeacht ama. 

Seo roinnt cur i láthair a ullmhaíodh in 2012 do Sheachtain na hOidhreachta ina dtugtar chun solais roinnt den obair a dhéanann ár seandálaithe.

.

Tá sa chur i láthair seo a leanas rogha suíomhanna seandálaíochta agus rudaí a aimsíodh i gcaitheamh na tréimhse 1998-2012 i rith monatóireacht, tástáil agus tochailtí seandálaíochta i gContae Mhaigh Eo Theas, Thoir agus Láir.

 

Tugtar chun solais sa chur i láthair deiridh thíos roinnt rudaí eile a aimsíodh i measc roinnt tionscadail oibreacha i gContae Mhaigh Eo.

Cliceáil anseo chun teacht ar bhreis eolais ar Sheandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha Chontae Mhaigh Eo.

Is féidir teacht ar ailt agus tuairiscí seandálaíochta a bhaineann le scéimeanna oibre i Maigh Eo trí chliceáil ar na naisc thíos. Tá dánlanna íomhánna ina bhfuil suirbhéanna ón aer a rinneadh ar fud an chontae i gcaitheamh tréimhse fhada de bhlianta ar fáil le hamharc orthu chomh maith. 

 

 

Aerial Surveys, Reports and Articles on archaeological works in Mayo.

Click each section below to access.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha