Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Pleanáil

Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe


Tiocfaidh tú sa mhír seo ar eolas faoi Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe (RZLT) de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Nasc le Léarscáil Fhorlíontach RZLT Mhaigh Eo (Dúnadh an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí an 01/06/2023)

Nasc le Dréachtléarscáil RZLT Mhaigh Eo (Dúnadh an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí an 01/01/2023)

Aighneachtaí leis an Léarscáil Fhorlíontach

Rinneadh 9 n-aighneacht maidir leis an Léarscáil Fhorlíontach a bhí ar taispeáint go poiblí idir an 1 Bealtaine 2023 agus an 1 Meitheamh 2023. Is é spriocdháta Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun úinéirí talún a chur ar an eolas iarrataí ar thalamh/thailte a eisiamh ón RZLT an 1 Lúnasa 2023. Is féidir amharc thíos ar an aighneacht a fuarthas i rith chomhairliúchán na Léarscáile Forlíontaí:

RZL 046

RZL 047

RZL 048

RZL 049

RZL 050

RZL 051

RZL 052

RZL 053

RZL 054


TÁ AN TRÉIMHSE CHOMHAIRLIÚCHÁIN AR AN LÉARSCÁIL FHORLÍONTACH DÚNTA

Beartaíodh cáin nua in Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta nua d’Éirinn de chuid an Rialtais le talamh fholamh a ghníomhachtú do chuspóirí cónaithe mar cuid den Chonair chun Soláthar Tithíochta Nua a Mhéadú.

Tugadh an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe isteach san Acht Airgeadais, 2021. Tá an próiseas le talamh a shainaithint lena mbaineann an cháin ar bun anois agus beidh an cháin le híoc ó 2024.

Is é cuspóir na cánach talamh a ghníomhachtú atá seirbhísithe agus criosaithe d’úsáid cónaithe nó d’úsáid mheasctha, úsáid cónaithe san áireamh, chun an soláthar tithíochta a mhéadú agus lena chinntiú go ndéantar tailte folmha agus díomhaoine i láithreacha uirbeacha a athghiniúint. Sainaithníodh na láithreacha seo laistigh de phleananna reachtúla úsáide talún amhail bheith ina láithreacha cuí le haghaidh tithíochta agus bhain siad tairbhe as infheistíocht sna príomhsheirbhísí chun tacú le soláthar tithíochta. 

Tá dhá chuid i bpróiseas an RZLT:

1) An talamh ar a ndírítear an cháin a shainaithint agus a léarscáiliú. Tugann údaráis áitiúla faoi seo trí dhréachtléarscáileanna, léarscáileanna forlíontacha agus deiridh a fhoilsiú – féach thíos.

2) Riar na cánach, atá le déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim ó 2024 ar aghaidh. 

Talamh faoi dhliteanas RZLT a shainaithint

Sainaithnítear talamh faoi dhliteanas RZLT trí phróiseas céimnithe faoi mar a dtugtar cuntas air thíos.

Céim na dréachtléarscáile – aighneachtaí dúnta

Rinne Comhairle Contae Mhaigh Eo dréachtléarscáil den talamh a ullmhú agus a fhoilsiú a mheastar atá faoi scóip an RZLT an 1 Samhain 2022.  D’fhéadfaí aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréachtléarscáil a fhaide leis an 1 Eanáir 2023.  D’fhéadfadh aighneachtaí cur i gcoinne talamh a chuimsiú ar an dréachtléarscáil, an dáta ar ar measadh gur tháinig talamh laistigh de scóip na cánach, nó le hathrú ar chriosú a iarraidh. D’fhéadfadh aighneachtaí talamh bhreise a shainaithint freisin a mheastar atá faoin scóip don cháin.

Má rinne tú aighneacht ar an dréachtléarscáil a bhaineann le talamh a bhfuil úinéireacht agat uirthi, rinne/déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo teagmháil leat maidir le toradh an bhreithnithe a rinne siad ar d’aighneacht. 

Céim na léarscáile forlíontaí – aighneachtaí ar oscailt go dtí an 1 Meitheamh 2023

Mar thoradh ar aighneachtaí a rinneadh ar na dréachtléarscáileanna nó mar gheall ar leasuithe ar chriosú nó ar stádas seirbhísithe nó mar gheall ar eolas eile a bheith ar fáil a dhéanann talamh a shainaithint, d’ullmhaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo léarscáil fhorlíontach den talamh a mheastar atá faoin scóip don RZLT amhail an 1 Aibreán 2023.

Tá an léarscáil fhorlíontach ar fáil ar an leathanach gréasáin seo trí chliceáil anseo agus ag An Rannóg Pleanála, Áras an Chontae An Meal Caisleán an Bharraigh Contae Mhaigh Eo F23 WF90.

Is féidir le haon daoine aonair nó páirtithe ar spéis leo aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an léarscáil fhorlíontach ón 1 Bealtaine 2023 go dtí an 1 Meitheamh 2023. Déantar plé níos mionsonraithe air seo thíos.

Tabhair faoi deara, le do thoil, cé go gcuirtear san áireamh iad ar an léarscáil, níl réadmhaoin chónaithe faoi réir an RZLT má ghearrtar Cáin Mhaoine Áitiúil orthu. Ní gá aighneacht a dhéanamh leis an saghas seo de réadmhaoin chónaithe a bhaint ón léarscáil.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir aighneachtaí a dhéanamh ag an gcéim seo ach faoi thalamh atá sa léarscáil fhorlíontach.  Níor cheart aighneachtaí a dhéanamh faoi thalamh a cuimsíodh ar na dréachtléarscáileanna a d’fhoilsigh Comhairle Contae Mhaigh Eo i Samhain 2022.

Is féidir le haighneachtaí cur i gcoinne tailte ar leith a chuimsiú ar an léarscáil fhorlíontach ar an mbunús nach sásaíonn na tailte siúd na critéir a leagadh amach laistigh den reachtaíocht ábhartha; an dáta a mheastar go sásaíonn an talamh na critéir seo; nó is féidir athrú criosaithe a iarraidh iontu. Níor cheart go sainaithneofaí talamh bhreise in aighneachtaí is cosúil a shásaíonn na critéir mar gheall nach ndéantar aon soláthar do thalamh nua a chur leis na léarscáileanna ag an gcéim seo sa phróiseas. Is féidir aon talamh bhreise is cosúil a shásaíonn na critéir a shainaithint i rith an phróisis aighneachtaí a thitfidh amach mar chuid den nuashonrú bliantúil ar na léarscáileanna ó 2024 ar aghaidh.

Tá eolas breise ar aighneacht a dhéanamh ar fáil thíos.

Léarscáil deiridh – an 1 Nollaig 2023

Déanfar talamh a fheictear ar na dréachtléarscáileanna agus ar na léarscáileanna forlíontacha, faoi réir thoradh na n-aighneachtaí a rinneadh maidir leis an dá léarscáil, a chuimsiú ar an léarscáil deiridh talún atá faoi scóip don cháin sa limistéar údaráis áitiúil a foilsíodh an 1 Nollaig 2023. Beidh an talamh seo faoi réir na cánach murach go bhfuil sí díolmhaithe mar réadmhaoin chónaithe, faoi mar a dtugtar cuntas air thuas, nó mura dtugtar aon díolúine eile dó dá bhforáiltear sa reachtaíocht.

Déanfar an léarscáil deiridh a athbhreithniú agus a leasú gach bliain ó 2025 ar aghaidh.
 

Eolas breise ar RZLT

Tá ar léarscáil an RZLT a d’ullmhaigh agus a d’fhoilsigh na húdaráis áitiúla tailte a shásaíonn na critéir ábhartha lena gcuimsiú ar an léarscáil faoi mar a leagtar amach sa reachtaíocht.

Is faoi na Coimisinéirí Ioncaim atá an RZLT a riar.  

Is féidir teacht ar an reachtaíocht a bhuntacaíonn leis an RZLT ag Cuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 mar a tugadh isteach san Acht Airgeadais, 2021 agus mar a leasaíodh san Acht Airgeadais, 2022. Is féidir teacht ar threoir maidir le riar na cánach anseo.

Is féidir amharc ar na Treoirlínte maidir le Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a d’ullmhaigh agus a d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chun cabhrú le húdaráis phleanála na léarscáileanna a fhoilsiú anseo.

Is féidir leat teacht ar fhreagraí ar roinnt ceisteanna a chuirtear go coitianta faoin RZLT agus conas aighneacht a dhéanamh anseo.

Aighneacht a dhéanamh ar léarscáil fhorlíontach

Is féidir aighneachtaí i dtaca leis an léarscáil fhorlíontach a dhéanamh a fhaide leis an 1 Meitheamh 2023, an dáta sin san áireamh. Is féidir le haighneachtaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Cur i gcoinne talamh a chuimsiú ar an léarscáil fhorlíontach má mheasann an t-úinéir nach sásaíonn an talamh na critéir a dheimhníonn an talamh faoi scóip
  • Cur i gcoinne an dáta a mheastar atá an talamh faoi scóip
  • Iarraidh ar athrú criosaithe.
     

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur gá do d’aighneacht an láithreán a shainaithint go soiléir agus cuntas a thabhairt ar cén t-athrú (i.e. eisiamh talún ar léarscáil údaráis áitiúil nó an dáta a shásaigh an láithreán na critéir i dtosach go gcuimseofaí an talún ar an léarscáil) ar an léarscáiliú Cánach ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe atá á lorg agat, agus caithfear údar a thabhairt inti leis an athrú a lorgaítear. Caithfear a lua san aighneacht na critéir a leagtar amach in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 ar a mbraitheann tú i d’aighneacht maidir leis an talamh a bheith lasmuigh den scóip. Is féidir leis an údarás áitiúil eolas breise a iarraidh freisin tar éis go bhfaightear d’aighneacht (e.g. cruthúnas úinéireachta nó eolas breise).  

Aighneachtaí úinéirí talún

Má tá aighneacht á déanamh agat ar an léarscáil fhorlíontach maidir le talamh a bhfuil úinéireacht agat uirthi nó thar ceann an úinéara talún, tabhair an méid seo a leanas faoi deara, le do thoil:

  • Caithfear d’ainm agus do sheoladh a sholáthar san aighneacht.
  • Caithfidh léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis ar a léirítear an réadmhaoin ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (ceantair thuaithe) atá oiriúnach leis an talamh a shainaithint atá i gceist, gabhail le haighneachtaí a dhéanann úinéir talún maidir lena dtalamh féin. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir leis an údarás áitiúil cruthúnas úinéireachta a iarraidh.
  • Má tá do thalamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mian leat aird an údaráis áitiúil a dhíriú ar cheisteanna a léiríonn nach bhfuil an talamh faoi scóip don cháin, nó nach bhfuil an dáta a measadh go raibh an talamh faoi scóip ceart agus gur cheart é a athrú. 
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 – ba cheart go ndéanfaí tagairt in aon aighneacht dóibh seo anuas ar fhianaise atá le breithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le héilimh i dtaca le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba cheart a chur i bhfeidhm.
  • Ba cheart go leagfaí amach san aighneacht aon údar atá leis an talamh a eisiamh, agus tagairt á déanamh do na critéir sa reachtaíocht.
  • Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le criosú, tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir le haighneacht ina n-iarrtar ar athrú ar chriosú a dhéanamh ach maidir le talamh atá ar an léarscáil fhorlíontach.  
  • Nuair a lorgaítear athrú ar úsáid talún, ba cheart don úinéir talún a leagan amach an fáth go dtéann an t-athrú ar chriosú chun sochair phleanáil cheart agus fhorbairt inbhuanaithe an cheantair, chomh maith le haon chúinsí eile ar mian leo aird an údaráis áitiúil a chur orthu.

Aighneachtaí Tríú Páirtí

Má tá aighneacht á déanamh agat faoi thalamh ar an léarscáil fhorlíontach nach bhfuil úinéireacht agat uirthi, is aighnitheoir tríú páirtí thú. Ní féidir le tríú páirtithe aighneacht a dhéanamh maidir le criosú.

Ba cheart duit na rudaí seo a leanas a chur san áireamh i d’aighneacht:

  • D’ainm agus do sheoladh
  • Eolas leis an talamh a shainaithint - cibé acu cur síos scríofa, Éirchód nó léarscáil ar a n-imlínítear an limistéar. Sa chás nach féidir leis an údarás áitiúil an talamh a shainaithint, b’fhéidir nach mbeidh siad in ann an aighneacht a chur san áireamh.
  • B’fhéidir gur mian leat aird an údaráis áitiúil a dhíriú ar cheisteanna a léiríonn nach bhfuil an talamh faoi scóip don cháin, nó nach bhfuil an dáta a measadh go raibh an talamh faoi scóip ceart agus gur cheart é a athrú. 
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 – ba cheart go ndéanfaí tagairt in aon aighneacht dóibh seo anuas ar fhianaise atá le breithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le héilimh i dtaca le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba cheart a chur i bhfeidhm.
  • Ba cheart go leagfaí amach san aighneacht aon údar atá leis an talamh a eisiamh, agus tagairt á déanamh do na critéir sa reachtaíocht.

Cén fhormáid inar cheart an aighneacht a dhéanamh?

Iarrtar ort d’aighneacht a dhéanamh ar bhealach amháin trína sheachaint dúbláil uimhreacha tagartha aighneachta agus leis an bpróiseas a chuíchóiriú.

  • Go leictreonach ar ríomhphost chuig rzlt@mayococo.ie
  • I gcruachóip chuig An Rannóg Pleanála, Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo F23 WF90.

Maidir le haon aighneacht a dhéanamh, bíodh an t-úinéir talún nó tríú páirtí i gceist, tabhair faoi deara an méid seo a leanas, le do thoil: 

  • Déantar an fhaisnéis phearsanta (sonraí) a bailíodh i rith an phróisis comhairliúcháin a bhailiú ar mhaithe le haighneachtaí a fháil agus déileáil leo.
  • Is féidir sonraí teagmhála a chuirtear ar fáil a úsáid le teagmháil a dhéanamh le haighnitheoir a mhaíonn gurb é/í úinéir talún láithreáin ar leith. Déanfar seo le fianaise a iarraidh, mar is gá, lena n-úinéireacht ar an láithreán a chruthú, de réir alt 653G(4) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 nó le heolas breise a iarraidh ón úinéir talún de réir alt 653H(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
  • Is féidir le húdarás áitiúil, nuair a mheasann siad gur gá ar mhaithe leis an gcinntiúchán a dhéanamh, eolas breise a iarraidh ar Uisce Éireann, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta nó ó dhuine a ndéantar tagairt dóibh in airteagal 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, laistigh de 21 lá tar éis go bhfaightear aighneacht faoi Alt 653H(1) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
  • Chun teacht ar eolas breise ar conas a phróiseálann Comhairle Contae Mhaigh Eo sonraí pearsanta, féach, le do thoil, ár Ráiteas Príobháideachais, https://www.mayo.ie/privacy
  • Sainaithin aon chodanna de d’aighneacht, le do thoil, ina bhfuil sonraí pearsanta nó atá íogair i dtaobh cúrsaí tráchtála nach mian leat go bhfoilseofar. 

Cad a tharlaíonn anois?

Déanfar na haighneachtaí scríofa go léir a mheasúnú. Déanfaidh an t-údarás áitiúil cinntiúchán scríofa maidir le haighneachtaí ag úinéirí talún. I measc na bpríomhbheart faoina dtabharfaidh an t-údarás áitiúil sula bhfoilseofar léarscáil deiridh, tá an méid seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh.

I gcás aighneachtaí a rinneadh ar an Dréachtléarscáil

  • Sa chás gur iarr úinéir talún go bhfágfaí a láithreán as an áireamh ón dréachtléarscáil ar an mbunús nach sásaíonn sé na critéir le bheith faoi scóip, nó go gcuireann sé in aghaidh an dáta ónar shásaigh talamh ar an léarscáil na critéir seo, caithfidh an t-údarás áitiúil fógra a thabhairt don úinéir talún ar a chinneadh talamh a choinneáil nó a eisiamh ón dréachtléarscáil tráth nach déanaí ná an 1 Aibreán 2023.
  • Caithfidh úinéir talún achomharc in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil faoi aighneacht úinéara talún ar an dréachtléarscáil, a sheoladh chun go mbeidh sé ag an mBord Pleanála faoin 1 Bealtaine 2023.

Léarscáil Fhorlíontach

  • Níor cheart aighneachtaí maidir le talamh a shainaithnítear ar an léarscáil fhorlíontach amháin a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023. 
  • Foilseofar aighneachtaí a fuarthas maidir leis an léarscáil fhorlíontach ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil faoin 11 Meitheamh 2023 (nóta: déantar sonraí pearsanta, i.e. ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an aighnitheora a fholú, ach foilsítear láthair thailte a mbaineann an aighneacht leo anuas ar na forais atá leis an aighneacht).
  • Sa chás go n-iarrann úinéir talún go bhfágfaí a láithreán as an áireamh ón léarscáil fhorlíontach ar an mbunús nach sásaíonn sé na critéir le bheith faoi scóip, nó go gcuireann sé in aghaidh an dáta ónar shásaigh talamh ar an léarscáil na critéir seo, caithfidh an t-údarás áitiúil fógra a thabhairt don úinéir talún ar a chinneadh tráth nach déanaí ná an 1 Lúnasa 2023.
  • Sa chás gur mian le húinéir talún cinneadh a achomharc a rinne an t-údarás áitiúil gan talamh ar an léarscáil fhorlíontach a eisiamh leis an mBord Pleanála, caithfidh siad amhlaidh a dhéanamh faoin 1 Meán Fómhair 2023.
  • Caithfidh an t-údarás áitiúil - agus toradh aon achomharc leis an mBord á thabhairt, aon eisiaimh le léarscáileanna de bhun cinntiúchán a rinne na húdaráis áitiúla mar fhreagairt d’aighneachtaí nó athruithe a rinneadh ar chriosú san áireamh – léarscáil deiridh a ullmhú agus a fhoilsiú faoin 1 Nollaig 2023.
  • Nuair a d’iarr úinéir talún athrú ar chriosú a talún, déanfaidh an tÚdarás Áitiúil measúnú ar an aighneacht agus déanfaidh siad breithniú ar cibé acu athrú a dhéanamh nó a mhalairt. (Ní thitfidh tosú an phróisis athraithe amach ach tar éis go ndéanfar aon iarrataí a mheas ar athrú ar chriosú maidir leis an dréachtléarscáil agus léarscáileanna forlíontacha chun gur féidir breithniú a dhéanamh ar na hiarrataí go léir ar athruithe ar chriosú)

Tá eolas breise ar fáil ar an bpróiseas in ‘Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Treoirlínte d’Údaráis Phleanála’, a d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Cliceáil anseo

An féidir liom cinneadh an údaráis áitiúil a achomharc?

Bhí go dtí an 1 Bealtaine 2023 ag úinéir talún le cinneadh an údaráis áitiúil a achomharc maidir le haighneachtaí a rinneadh i dtaobh na dréachtléarscáile a cuireadh faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Tá go dtí an 1 Meán Fómhair 2023 ag úinéirí talún le cinneadh an údaráis áitiúil a achomharc maidir le haighneachtaí i dtaobh na léarscáile forlíontaí a cuireadh faoi bhráid an Bhoird Pleanála. Caithfear achomhairc a dhéanamh i scríbhinn ina leagtar amach na forais achomhairc. Ní dhéantar aon soláthar do thríú páirtí cinneadh údaráis áitiúil le talamh a choinneáil nó a bhaint ó dhréachtléarscáil nó ó léarscáil fhorlíontach a achomharc.

Conas is féidir liom eolas breise a aimsiú faoin bpróiseas léarscáilithe agus aighneachtaí?

​Má theastaíonn eolas breise faon bpróiseas léarscáilithe nó faoi aighneacht a dhéanamh, caith súil, le do thoil, ar ‘Freagra ar do Cheisteanna’, ar féidir teacht air anseo. Má bhaineann do cheist le limistéar ar leith talún nó mura bhfuil an freagra sna Ceisteanna Coitianta, déan teagmháil, le do thoil, leis an Rannóg Pleanála.

Tá eolas breise ar fáil ar an bpróiseas freisin trí ‘Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Treoirlínte d’Údaráis Phleanála’. Cliceáil anseo

Faoi mar a dtugtar cuntas air thuas, tá dhá chuid i bpróiseas an RZLT.  Tá ar údaráis áitiúla tabhairt faoin léarscáiliú ina sainaithnítear an talamh atá faoi réir na cánach, nuashonrú bliantúil san áireamh ar an léarscáil deiridh a fhoilseofar an 1 Nollaig 2023. Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoin gcáin a riar ina dhiaidh sin.

Mar gheall nach riarann an t-údarás áitiúil an cháin, ní féidir linn aon cheisteanna a fhreagairt i dtaca le riar na cánach. Ba cheart gach ceist faoi riar na cánach a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Agus aird ar róil na n-údarás áitiúil agus aird ar na gCoimisinéirí Ioncaim faoi seach i bpróiseas an RZLT, ba cheart ceisteanna ar an léarscáiliú a chur ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Áirítear leis seo ceisteanna faoi;

  • Critéir atá le cur san áireamh ar an Dréachtléarscáil (foilsíodh an dréachtléarscáil an 1 Samhain 2022)
  • Aighneachtaí ar an Dréachtléarscáil (tá spriocdháta an 1 Eanáir 2023 éagtha)
  • Cinntiúcháin ar an Dréachtléarscáil (cuireadh úinéirí talún ar an eolas ar chinntiúcháin an 1 Aibreán 2023 nó roimhe sin)
  • Léarscáil fhorlíontach (foilsithe an 1 Bealtaine 2023)
  • Aighneachtaí ar an léarscáil fhorlíontach – tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023
  • Aighneachtaí ar an léarscáil fhorlíontach – tráth nach déanaí ná an 1 Lúnasa 2023
  • Aighneachtaí criosaithe
  • Achomhairc (nach mór a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála)
  • Léarscáil deiridh – le foilsiú tráth nach déanaí ná 1 Nollaig 2023
  • Léarscáil deiridh leasaithe bhliantúil – le foilsiú gach bliain ó 2025 ar aghaidh

Ba cheart ceisteanna faoi riar na cánach a sheoladh chuig suíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim – Áirítear leis seo ceisteanna faoi:

  • An méid atá i gceist le láithreán ábhartha maidir leis an RZLT
  • Daoine faoi dhliteanas
  • Méid na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe
  • Oibleagáid chun clárú
  • Oibleagáid ar dhuine faoi dhliteanas tuairisceán a ullmhú agus a sholáthar
  • Iarchur agus lacáistí ar cháin ar thalamh chriosaithe chónaithe chomh maith le díolúintí ón gcéanna

Cad a dhéanaim más Úinéir Baile mé?

Tá mo theach agus mo ghairdín ar an léarscáil. Cad a chiallaíonn sé sin?

Sonraítear do theach agus do ghairdín ar an léarscáil mar gheall go sásaíonn siad na critéir don cháin, atá bunaithe ar chriosú faoi stiúir cónaithe agus mar gheall go ndéanann bonneagar freastal orthu atá oiriúnach le haghaidh sholáthar tithíochta.  Ní gá an cháin a íoc ar an teach agus an gairdín, chomh fada agus go n-íoctar Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) ar an teach.

An gá dom aighneacht a dhéanamh?

Ní gá. Fiú má tá do theach le sonrú ar an léarscáil, ní gá an cháin a íoc ar áiteanna cónaithe nuair a ghearrtar CMÁ orthu. 

Cad a tharlaíonn má tá mo ghairdín níos mó ná 0.4047 heicteár (1 acra)?

Má tá do ghairdín níos mó ná an mhéid seo, caithfidh tú clárú don RZLT leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh an cháin le híoc ar do theach agus gairdín, mar sin féin. Beidh tú in ann clárú don cháin ó thráth déanach in 2023 ar aghaidh. Ní gá aon rud a dhéanamh le clárú ag an tráth seo.  Féach revenue.ie, le do thoil, chun teacht ar shonraí níos gaire don am.

Critéir atá le cur san áireamh i léarscáil

Luaitear in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997:-

Sa Chuid seo, is ionann tagairt do thalamh a shásaíonn na critéir ábhartha agus tagairt do thalamh—

(a) atá i bplean forbartha, i gcomhréir le halt 10(2) (a) d’Acht 2000, nó i bplean ceantair áitiúil, i gcomhréir le halt 19(2)(a) d’Acht 2000, a chriosaítear—

                (i) go hiomlán nó go príomha d’úsáid tithíochta, nó

                (ii) do mheascán d’úsáidí, úsáid tithíochta san áireamh,

(b) talamh ar réasúnta a mheas go bhfuil rochtain aici ar, nó atá ceangailte le, bonneagar agus saoráidí poiblí, bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil séaraigh bhréin, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce san áireamh, atá riachtanach chun áiteanna cónaithe a fhorbairt agus a bhfuil acmhainn dhóthanach seirbhíse ar fáil acu don fhorbairt siúd, agus

(c) talamh ar réasúnta a mheas nach ndéantar difear di, i dtaobh na baile fisiciúla atá uirthi, ag ceisteanna a mhéid sin gur leor iad le cosc a chur ar áiteanna cónaithe a sholáthar, éilliú nó láithreacht iarsmaí seandálaíochta nó stairiúla a bhfuiltear eolach orthu san áireamh,

ach nach talamh í—

(i) dá dtagraítear i mír (a)(i) agus, aird ar fhorbairt (laistigh de bhrí Acht 2000) agus air sin amháin, nach forbairt neamhúdaraithe í (laistigh de bhrí Acht 2000), atá á húsáid mar áitreabh, ina bhfuiltear ag tabhairt faoi cheird nó gairm, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, ar réasúnta a mheas go bhfuil sí á húsáid le seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí ceantair chónaithe máguaird,

(ii) dá dtagraítear i mír (a)(ii), murach gur réasúnta a mheas go bhfuil an talamh folamh nó díomhaoin,

(iii) ar réasúnta a mheas go dteastaíonn sí le haghaidh áitiú, nó go bhfuil baint lárnach aici le háitiú, ag—

(I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, bonneagar agus saoráidí san áireamh a úsáidtear ar mhaithe le riarachán poiblí nó le hoideachas nó cúram sláinte a sholáthar,

(II) saoráidí agus bonneagar iompair,

(III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,

(IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide

(V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,

(VI) bonneagar bainistíochta agus diúscartha dramhaíola, nó

(VII) bonneagar áineasa, saoráidí spóirt agus clóis súgartha san áireamh,

(iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil a d’fhéadfadh forbairt a chosc, nó

(v) ar a bhfuil an tobhach láithreán tréigthe iníoctha i gcomhréir leis an Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha