Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Uisce

Fograí Bruite Uisce


Tá freagracht ar Chomhairle Contae Mhaigh faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014 as clár monatóireachta uisce óil a chur le chéile agus a chur i ngníomh do gach soláthar príobháideach atá á rialáil laistigh dá limistéar feidhme.

Soláthraítear seirbhísí cuí samplála agus tástála do Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun tabhairt faoin gclár monatóireachta do sholáthairtí príobháideacha rialáilte, i gcomhréir leis na Rialacháin. Úsáidtear na seirbhísí seo chomh maith chun tabhairt faoi aon sampláil bhreise a theastaíonn ar sholáthairtí príobháideacha (atá rialáilte nó díolmhaithe) i gcaitheamh na bliana.

Déantar paraiméadair uisce óil a thástáil lena chinntiú go bhfuil cáilíocht an uisce óil ar chaighdeán inghlactha, faoi mar a leagtar amach i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014.

Tarlaíonn sárú uisce óil nuair atá luach paraiméadair níos airde ná an teorainn inghlactha. Nuair atharlaíonn sin, téitear i mbun beart ar aon dul leis na Rialacháin, lena chinntiú go dtiteann gníomh maolaithe agus ceartaitheach amach go mear le héifeachtaí a íoslaghdú.

I gcásanna áirithe, eiseofar soláthar príobháideach le Fógra Uisce a Bhruith. Is féidir amharc ar chlár Fógraí Uisce a Bhruith agus é a íoslódáil trí chliceáil ar Uisce Tuaithe - Clár Fógraí Uisce a Fhiuchadh.

Is féidir torthaí tástála cháilíocht an uisce a fháil ar iarraidh ón Oifig Uisce Tuaithe, féach na sonraí teagmhála thíos, le do thoil.

Is féidir aon cheisteanna eile maidir le fógraí uisce a bhruith a chur trí ríomhphost a sheoladh chuig ruralwater@mayococo.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifig Uisce Tuaithe ar 094-9064000.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha