Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Uisce

Responsibility for Private Supplies


Tá freagrachtaí dlíthiúla ar an Soláthraí agus ar an Údarás Áitiúil araon maidir le soláthairtí príobháideacha, faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014. Caithfear soláthairtí príobháideacha a chosaint, a rialáil agus a chistiú i gceart agus an mhonatóireacht cheart a dhéanamh orthu lena chinntiú go mbaineann siad na caighdeáin uisce óil amach. Tá sé bunriachtanach go nglacann gach duine agus eagraíocht atá freagrach as soláthairtí príobháideacha a bpáirt le sláinte poiblí a chosaint agus lena chinntiú, is cuma cén áit a gcónaíonn tú, gur féidir leat an mhuinín a bheith agat go bhfuil d’uisce óil sábháilte.

Tá dhá phríomhról ag Údaráis Áitiúla maidir le soláthairtí príobháideacha: mar rialaitheoir, de thoradh a róil mar údarás maoirseachta faoi na Rialacháin: agus mar riarthóir, maidir leis an gClár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil (MARWP).

Ról an Rialálaí

Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo an tÚdarás Maoirseachta do sholáthairtí príobháideacha laistigh de Mhaigh Eo. Tá oibleagáid ar Chomhairle Contae Mhaigh ina ról mar Údarás Maoirseachta a chinntiú go sásaíonn soláthairtí uisce príobháideacha ceanglais Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014.

Déantar saghsanna de sholáthar príobháideach a fhoroinnt i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014:

  • Soláthar Rialáilte
  • Soláthar Díolmhaithe

Tá méideanna éagsúla d’fhreagrachtaí maoirseachta/forfheidhmithe ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ag brath ar an soláthar atá á rialáil nó atá díolmhaithe.

Ról an Riarthóra

Déanann Comhairle Contae Mhaigh Eo cistiú a riar agus a dháileadh ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil tríd an gClár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil (MARWP).

Tá cúnamh deontais atá ar fáil faoin gClár d’oibreacha caipitil le haghaidh:

  • Grúpscéimeanna Uisce (GWS) 
  • Grúpscéimeanna Séarachais (GSS)
  • Ceangail leis an bPobal (Uisce agus Fuíolluisce)
  • Soláthairtí Uisce Tí Aonair (is minice a thugtar toibreacha príobháideacha orthu)
  • Córais Chóireála Fuíolluisce Tí (is minice a thugtar dabhcha séarachais orthu)

Níl aon mheicníocht chistithe i bhfeidhm do Sholáthairtí Príobháideacha Beaga (SPS) faoi láthair. 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha