Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Uisce

Cáilíocht Uisce Óil


Ar ábharaí an tsaoil, tá foinsí sábháilte agus iontaofa amhuisce úir in Éirinn ar féidir linn iad a chóireáil agus a úsáid mar uisce óil. Mar sin féin, is iomaí toisc éagsúil ar féidir leo tionchar a imirt ar cháilíocht uisce óil, mar shampla, is féidir le saghsanna ithreach nó carraige, cleachtais úsáide talún agus fiú báisteach throm uile difear a dhéanamh do cháilíocht uisce óil.

Nuair a chuirimid an sconna ar siúl, bímid uile ag súil leis go gcinntítear go bhfuil uisce óil á sholáthar dár n-áiteanna cónaithe agus dár ngnólachtaí atá glan agus sábháilte gach lá agus is tábhachtach a chur san áireamh go mbaineann próiseas casta lenár n-uisce óil in Éirinn a chóireáil agus a thástáil agus le monatóireacht a dhéanamh air.

An Clár Monatóireachta Uisce Óil

Tá freagracht ar Chomhairle Contae Mhaigh faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014 as clár monatóireachta uisce óil a chur le chéile agus a chur i ngníomh do gach soláthar príobháideach atá á rialáil laistigh dá limistéar feidhme.

Soláthraítear seirbhísí cuí samplála agus tástála do Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun tabhairt faoin gclár monatóireachta do sholáthairtí príobháideacha rialáilte, i gcomhréir leis na Rialacháin. Úsáidtear na seirbhísí seo chomh maith chun tabhairt faoi aon sampláil bhreise a theastaíonn ar sholáthairtí príobháideacha (atá rialáilte nó díolmhaithe) i gcaitheamh na bliana.

Déantar paraiméadair uisce óil a thástáil lena chinntiú go bhfuil cáilíocht an uisce óil ar chaighdeán inghlactha, faoi mar a leagtar amach i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2014.

Déantar paraiméadair uisce óil a rangú isteach in 3 chatagóir:

  • Is gnách go ndéantar tástáil ar pharaiméadair tháscaire anuas ar pharaiméadair mhicribhitheolaíocha agus cheimiceacha i sampla uisce. B’fhéidir nach gcruthóidh na paraiméadair seo baol leo féin, ach d’fhéadfaidís a thabhairt le fios go bhfuil paraiméadair eile a d’fhéadfadh a bheith níos díobhálaí i sampla uisce.
  • Déantar tástáil ar pharaiméadair cheimiceacha i samplaí uisce óil lena dheimhniú an bhfuil aon cheimiceáin atá iontu laistigh de na teorainneacha inghlactha. D’fhéadfadh gurb é is cúis le paraiméadair cheimiceacha atá i samplaí uisce óil ná ceimiceáin a thuaslagtar isteach in uisce ó phíopaí, ceimiceáin atá ann go fóill tar éis próisis chóireála uisce, imoibrithe ceimiceacha ar féidir leo titim amach idir ábhair éagsúla san uisce, nó fiú uisce a ritheann chun srutha ó fheirmeacha.
  • Miocrorgánaigh (i.e. baictéir) iad paraiméadair mhicribhitheolaíocha a thástáiltear in uisce óil. Má tá na paraiméadair seo i sampla uisce óil, d’fhéadfadh sé a thabhairt le fios go bhféadfadh gur tharla éilliú ag foinse uisce nó sa líonra dáileacháin uisce.

Is féidir torthaí tástála cháilíocht an uisce a fháil ar iarraidh ón Oifig Uisce Tuaithe, féach na sonraí teagmhála thíos, le do thoil.

Fógra Uisce a Fhiuchadh

Titeann sárú uisce óil amach nuair atá luach paraiméadair níos airde ná an teorainn inghlactha. Nuair a thiteann sárú amach, téitear i mbun beart ar aon dul leis na Rialacháin, lena chinntiú go dtiteann gníomh maolaithe agus ceartaitheach amach go mear le héifeachtaí a íoslaghdú.

I gcásanna áirithe, eiseofar soláthar príobháideach le Fógra Uisce a Fhiuchadh. Is féidir amharc ar chlár Fógraí Uisce a Fhiuchadh agus é a íoslódáil trí chliceáil ar Uisce Tuaithe - Clár Fógraí Uisce a Fhiuchadh.

Is féidir aon cheisteanna eile maidir le cáilíocht an uisce óil i soláthairtí príobháideacha a chur trí ríomhphost a sheoladh chuig ruralwater@mayococo.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifig Uisce Tuaithe ar 094-9064000.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha