Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An tAimiréal William Brown – cuntas gearr ar a shaol


Nuair a rugadh William Brown i mBéal Easa, Contae Mhaigh Eo an 22 Meitheamh 1777, ní cheapfadh a thuismitheoirí go deo go mbainfeadh a mac nuabheirthe clú agus cáil amach dó féin agus é ag fónamh i stát i Meiriceá Theas.   Dhéanfaí de laoch náisiúnta, bunaitheoir chabhlach na tíre agus an t-eachtrannach ba mhó a raibh cion air san ilchríoch a d’aimsigh Columbus agus mhairfeadh cuimhne air go brách i gcroíthe na ndaoine ar chuir sé a neamhspleáchas chun cinn go cumasach de bharr a ghaiscí éachtacha ar uiscí Abhainn Plata.

Ní raibh ach naoi mbliana slánaithe ag Brown óg nuair a thug a athair go dtí na Stáit Aontaithe é agus fuair a athair bás go gairid ina dhiaidh sin den Fhiabhras Buí. Ba léir an ghairm bheatha a bheadh ag an laoch ina dhiaidh sin go luath ina shaol.  Deirtear gurbh é an chéad rud eile a rinne sé ná a bheith ag obair mar ghiolla cábáin i seirbhís longa tráchtála Mheiriceá go dtí 1796, nuair a cuireadh iallach air dul ag obair ar árthach na Breataine. 

Glacadh ina phríosúnach é i rith Chogaí Napoléon agus coinníodh é in Lorient, Metz agus Verdun agus d’éirigh leis éalú ó phríosún Verdun agus bhain sé Sasana amach ar deireadh thiar.

Rinne sé a chéad turas sa bhliain 1809 go hAbhainn Plata.  Tháinig deireadh lena iarracht tabhairt faoi thrádáil cois cósta nuair a rinne údaráis na Brasaíle seilbh a ghlacadh ar a bhád mar gheall nach raibh a chuid páipéarachais in ord.  Nuair a d’fhill sé dhá bhliain níos déanaí ar a long ‘Eloisa’, chonacthas dó go raibh na calafoirt abhann blocáilte ag na Spáinnigh mar thoradh ar an Réabhlóid, a thosaigh an 25 Bealtaine 1810, agus de bharr gur chuir Leas-Ríochas an Rio de la Plata in aghaidh riail Choróin na Spáinne le hairm.  Chuaigh an long ‘Eloisa’ i dtalamh agus iarracht á déanamh aici an bhacainn a shárú.

Tar éis dul ar turas chuig an tSile, cheannaigh Brown scúnar, an ‘Industria’.  Thóg sé áit chónaithe ar leith ag an tráth seo chomh maith dá theaghlach – tá músaem anois in ómós dá shaol agus dá éachtaí ina mhacasamhail den áit chónaithe seo a tógadh.  Bhí mí-ádh arís ar an muirí calma arís eile nuair a ghabh lucht Spáinneach na mbacainní seilbh ar a bhád.

Níor chuir rud ar bith isteach ar an té seo a ndéanfaí Aimiréal de ina dhiaidh sin, agus bhí sé meáite ar a chaillteanas a chur ina cheart.  Thug sé dhá bhád bheaga seoil leis ar a raibh foireann bheag mairnéalach Éireannach, Sasanach, Albanach agus Meiriceánach, agus d’éirigh leis ceann de na hárthaí bacainne Spáinneacha a bhordáil agus thug sé a bhád ar ais abhaile leis go rathúil go Buenos Aires.  Mhúscail an t-éacht seo spéis i measc na n-údarás agus rinneadh ceannas ar chabhlach beag a thairiscint dó.  Ní fhéadfaí fear níos fearr a aimsiú don bheart; bhí Brown i mbarr a mhaitheasa ag an tráth sin, ba loingseoir taithíoch é agus bhí an-chur amach go deo aige ar an inbhear ina mbainfeadh sé a bhuanna éachtacha amach.

Ba é chéad chuspóir an Cheannasóra nua Oileán Martin Garcia, ag a raibh ceannas ar aibhneacha Uragua agus Parana.  Bhí sé daingnithe go tréan agus ba é furasta na faidhbe.  Rinne sé ionsaí an 11 Márta 1814 ar bhunáit na ndílseoirí.  Chuaigh a long cheannais, an ‘Hercules’, i dtalamh laistigh de raon ghunnaí an namhad ach d’éirigh léi farraige a bhaint amach arís gan ach roinnt díobhála a bheith déanta di.  I ndiaidh gur deisíodh an díobháil agus gur ionadaíodh na mairbh agus na daoine a gortaíodh, ghlac Brown páirt arís sa chath ar Lá Fhéile Pádraig, thug sé a fhórsaí i dtír agus ghabh sé an t-oileán.

Ba é a chéad chéim eile bacainní a chur in airde timpeall Montevideo, a raibh léigear á dhéanamh air ag fórsaí na dtírghráthóirí ar talamh faoi stiúir an Ghinearáil Alvear. Mheall Brown árthaí Spáinneacha amach go glic óna mbunáit, chuir sé bac orthu filleadh ar an gcalafort, scaip sé go hiomlán iad, ghabh sé roinnt díobh fad a chuaigh na hárthaí eile i dtalamh ar chósta Uragua, áit ar dódh go pras iad.  D’iontráil arm na hAirgintíne an chathair cúpla lá ina dhiaidh sin.

Bhain an feachtas seo a mhair thart ar aon chéad lá an baol ba mhó a bhí roimh an Réabhlóid.  Bhí Abhainn Plata dúnta don Spáinn ón tráth sin go brách.

Nuair a thosaigh cogadh leis an mBrasaíl blianta dá éis sin, cuireadh fios ar Brown arís eile.  Iarradh air cabhlach a chur le chéile agus aghaidh a thabhairt ar fhórsaí a bhí i bhfad níos láidre.  Dá ainneoin sin, bhain Brown an bua éachtach amach arís eile.  Thit fiche a naoi comhrac amach agus baineadh rath de mhéideanna áirithe amach iontu, agus is fiú Cath Los Pozos, a thit amach go hiomlán os comhair mhuintir Buenos Aires, a lua go speisialta.  Bhí aon árthach déag aige in aghaidh tríocha a haon árthach de chuid an namhad agus d’éirigh leis an Aimiréal an bua a bhaint amach arís eile agus thug Rivadavia barróg dó tar éis dó teacht i dtír.  Is léir ón teachtaireacht seo a leanas a thug sé don chabhlach roimh an trodaíocht a mheanma cheannaireachta agus an grá tréan a bhí aige don tír ar ghlac sé léi.

“A mhairnéalaigh agus a shaighdiúirí na Poblachta.  An bhfeiceann sibh an chruach ar snámh thall? Tríocha a haon árthach an namhad iad.  Ach ná ceaptar go bhfuil eagla ar bith ar bhur nGinearál, mar níl amhras ar bith air maidir le bhur misneach agus go bhfuil súil aige go ndéanfaidh sibh aithris ar an ‘Venticinco de Mayo’ (long cheannais an Aimiréil).  A chomrádaithe, bíodh muinín agaibh as an mbua, bíodh disciplín agaibh agus trí gháir mholta don tír dhúchais”

Maidir le Juncal – rath cáiliúil eile a bhí air – dúradh gurbh é an bua ab fhearr sa stair chabhlaigh.

Bhain Brown cáil ní ba mhó amach faoi rialtas Rosas sa chomhrac in aghaidh Costa Brava agus Montevideo.

Tharraing an tÉireannach ab fhearr a raibh aithne ag an Airgintín riamh air a anáil dheireanach ag 2.00 a.m. ar maidin an 3 Márta 1857. Thug go leor d’fhir phoiblí mhóra le rá a linne cuairt air i rith na breoiteachta a bhí air le fada roimh a bhás agus thug an tAthair Anthony Fahy, an tÉireannach iontach eile a mbeidh cuimhne air go brách ag an bpobal Éireannach-Airgintíneach, an tSacraimint dheireanach dó.

Thug an Coirnéal Mitre, a bhí ina Uachtarán ina dhiaidh sin ar an bPoblacht, an óráid ag a shochraid: “Tugaimis ómós do na hiarsmaí seo, mar gheall go bhfuil ar an gcloigeann sin, atá fuar marbh, coróin chabhlaigh Phoblacht na hAirgintíne agus mar gheall gurbh iad na hiarsmaí beaga seo a bhain ár mbuanna go léir amach”.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha