Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

James Daly (1836 - 1911)


Rugadh James Daly, polaiteoir, eagarthóir nuachtáin agus feirmeoir, i mBoth an Dúin i bparóiste Eadargúil, Contae Mhaigh Eo am éigin go déanach sna 1830idí.   Seo a leanas an fógra báis a cuireadh sa nuachtán Mayo News an 25 Márta tar éis go bhfuair sé bás in 1911.

CAILLEADH AN TUASAL JAMES DALY, Comhairleoir Contae, CAISLEÁN AN BHARRAIGH

Cúis mhór bhróin dúinn a fhógairt an tseachtain seo go bhfuair an tUasal James Daly, Comhairleoir Contae, bás, thit an eachtra bhrónach seo amach ag a áit chónaithe, Sráid Spencer, Caisleán an Bharraigh Dé Céadaoin tar éis gur bhain breoiteacht sách gearr dó.  Bhí an té a bhásaigh, a bhí ina 75ú bliain, timpeall an bhaile a dhéanaí leis an Satharn seo caite.  Bhí sé ar dhuine de na fir ba mhó aithne i gConnachta i rith thréimhse shuaiteach Chonradh na Talún agus an Phlean Beartaíochta.  Ba eisean a bhí i gceannas ag an cruinniú a mbeidh síorchuimhne air sa Bhaile Gaelach in 1879, an áit ar seoladh Conradh na Talún go foirmiúil.  Chabhraigh sé ina dhiaidh sin leis an gcúige iomlán a eagrú i gcuideachta roinnt de na daoine ba cheannasaí sa tréimhse stairiúil seo, Matt Harris nach maireann, P. W. Nally agus tírghráthóirí Éireannacha eile ina measc. 

Bhí an tUasal Daly ina eagarthóir agus ina dhílseánach leis an “Connaught Telegraph” agus cháin sé sa mheán seo na rudaí a bhí freagrach as dálaí míshásta thuathánaigh na hÉireann, agus choinnigh Rialtas na linne sin súil ghéar air dá bharr agus chaith siad go han-dian leis, agus bhí sé faoi réir na foirme is gránna de spiaireacht, amanna.  Ní shéanann staraithe na tréimhse ach chomh beag murach sárphearsantacht an mhairbh, a bhrí iontach, agus an cúnamh ollmhór a thug sé do Davitt de ghlór agus de pheann, ní scaipfí an ghluaiseacht chomh mear sin i gcontaetha an Iarthair.  Gabhadh an marbh in ’79 le Michael Davitt, nach maireann, agus J. Brice Killen, B.L., i ngeall ar óráidí a tugadh ag Goirtín agus cuireadh ar triail iad ag Sligeach i ngeall ar chomhcheilg, agus rinne an tAturnae cáiliúil ó Bhéal Feirste, an tUasal John Rea, cosaint dóibh.  Rinneadh an cúisí a éigiontú ag deireadh na trialach.  Gabhadh é in 1881 mar dhuine a raibh amhras faoi agus coinníodh i bPríosún na Gaillimhe é faoi Acht Buckshot Forster.  Ghlac sé le páirt an-fheiceálach i gceiliúradh Comórtha Céad Bliain ar 1798 a eagrú, agus d’eagraigh sé an ceiliúradh ollmhór i gcomhar leis an Uasal T. B. Kelly, nach maireann, ag Caisleán an Bharraigh, Béal an Átha agus Cnoc an Iomaire. 

Bhí an séadchomhartha a cuireadh in airde ag Cnoc an Iomaire os cionn uaigheanna na saighdiúirí Francacha a maraíodh agus na saighdiúirí Sasanacha á leanúint acu a bhí ag teitheadh ó Chaisleán an Bharraigh an 27 Lúnasa 1798, lá nach ligfear i ndearmad go brách, go príomha mar gheall ar a chuid saothair.  Bhain an tUasal Daly aitheantas feiceálach amach freisin le Léig na nÉireannach Aontaithe nuair a bunaíodh í, agus thug sé cuidiú luachmhar leis an gcontae a eagrú.  Bhí an marbh ina bhall de na comhlachtaí poiblí áitiúla go léir.  Ba bhall de Chomhairle Contae Mhaigh Eo é ar a raibh meas agus cion.  Ba bhall é den Choiste Talmhaíochta agus den Choiste Teicniúil, de Chomhairlí Uirbeacha agus Tuaithe Chaisleán an Bharraigh agus ba bhall é ar feadh roinnt blianta de Comhairle Ceantair Bhéal an Átha, agus ionadaíocht á déanamh aige do thoghcheantar Leitir Bric.  Bhain an tUasal Daly an dara háit amach ag na toghcháin gach trí bliana in Eanáir sa vóta i measc seisear déag iarrthóirí, agus ní raibh idir é féin agus an té a fuair an líon ba mhó vótaí ach vóta amháin.  Ba chainteoir álainn Gaeilge é agus bhronn Ard-Easpag Thuama mór le rá, nach maireann, an Sár-Oirmhinneach an Dochtúir McHale, duais air ag a chóineartú i ngeall ar shárfhreagraí a thabhairt i nGaeilge.

Bhí an baile, agus an contae trí chéile, go deimhin, agus fiú amháin an cúige iomlán, in ísle brí nuair a chualathas an scéala brónach go bhfuair an t-iar-Náisiúnaí bás.  Mothóidh gach duine a raibh aithne acu ar an Uasal Daly go bhfuil folúntas fágtha ag a bhás a bheidh deacair le líonadh.  Ba Chaitliceach dílis é i rith a shaoil iomláin agus d’fhreastail sé ar Aifreann gach maidin ag Séipéal an Chlochair agus d’fhreastail sé i gcónaí ar a chuid dualgais reiligiúnacha le rialtacht shuntasach.  Thug ola dheireanach na hEaglaise Naofa sólás dó ag an tráth deireanach dá shaol, agus ag thart ar a 8 a chlog Dé Céadaoin, tar éis dó géilleadh go hiomlán do thoil Dé, thug sé a anam suas dá Athair Neimhe

Sliocht ó Mayo News, an 25 Márta 1911

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha