Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Richard (Dick) Condon, (1937-1991) Sráid Richard, Caisleán an Bharraigh


Fuair an tUasal Richard (Dick) Condon, Sráid Richard, Caisleán an Bharraigh, bás i nDeireadh Fómhair agus ba dhuine de na daoine ba mhó aithne é i ndomhan amharclannaíochta na hÉireann agus na Breataine.

Ba bhainisteoir é ar feadh roinnt blianta ar Amharclann an Olympia i mBaile Átha Cliath agus rinneadh bainisteoir de ina dhiaidh sin ar an amharclann ar a bhfuil cáil idirnáisiúnta, an Theatre Royal, in Norwich, Sasana, a ndearna sé ceann de na hionaid amharclannaíochta ba mhó i Sasana di.  Ghoil an Theatre Royal go mó air nuair a bhog sé go Norwich agus d’athraigh Richard Condon é ó bhonn laistigh de thamall de bhlianta ina chompántas an-bhrabúsach, gníomh a bhain cáil idirnáisiúnta amach dó i ngeall ar a scileanna bainistíochta. Bhí baint aige freisin le Compántas Ceoldrámaíochta Gilbert & Sullivan D’Oyly Carte agus bhí sé freagrach as athbheochan a gceoldrámaí i Londain agus in áiteanna eile i Sasana.

Bhunaigh sé a chompántas amharclannaíochta féin freisin lena dheartháir, Anton, nuair a bhí sé 54 bliain d’aois, agus chuir sé roinnt seónna i láthair i Halla an Bhaile i gCaisleán an Bharraigh sna 1970idí, “Boeing Boeing” agus “Barefoot in the Park” ina measc, ar fhostaigh siad aistreoirí gairmiúla dóibh. Tarraingíodh pleananna dó sna 1970idí freisin le hamharclann a shuíomh i gCaisleán an Bharraigh ach níor leanadh ar aghaidh leis seo mar gheall gur bhog sé go Norwich ar mhaithe lena ghairm bheatha. 

Bhí an tUasal Condon, a rugadh i mBéal Feirste, tinn ar feadh roinnt míonna. Thosaigh sé a ghairm bheatha ghairmiúil mar aisteoir nuair a ghlac sé le ballraíocht de na Bohemian Players ar feadh séasúr samhraidh in Éirinn.  Ghlac sé ansin le post mar riarthóir cúnta ar Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus mar riarthóir na féile ina dhiaidh sin. Bhí sé páirteach sa chéad dráma a scríobhadh go speisialta do theilifís na hÉireann. Chaith sé seal ar an raidió freisin agus chuir sé an clár ‘Theatre Topics’ i láthair go rialta i mBaile Átha Cliath go dtí go bhfuair sé a cheapachán in Norwich.

D’fhill Richard ar feadh tréimhse ghearr i lár na 1980idí ar Éirinn, tráth a rinne sé athchóiriú ar Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath a stiúradh agus a phleanáil sé dá clár áirithinte do na chéad sé mhí tar éis gur osclaíodh arís í.

Bronnadh céim Oinigh Máistir Ealaíon ar Richard in 1987 ag Ollscoil East Anglia, mar aitheantas ar an tsárobair a rinne sé leis an Theatre Royal in Norwich. Léigh an tOllamh Keith Clayton le Scoil Eolaíochtaí an Chomhshaoil an t-ardlua poiblí inar luadh go ndearna Richard Condon “stíl an tsorcais taistil a thabhairt go Norwich agus an bhaint a bhí aige le hamharclann a líonadh a thaispeáint, le hí a dhéanamh ní hamháin brabúsach … ach le hamharclann a dhéanamh di a mbeadh gach duine bródúil aisti”. Thaistil a mháthair, Katie, a bhí 89 bliain d’aois ag an tráth sin, go Norwich don bhronnadh agus bhí a nia, Richard Geraghty, i láthair freisin. Dúirt Richard ag an tráth gur mhór an onóir an chéim agus go ndeachaigh sé go croí ann í a fháil mar gheall nach raibh aon súil aige leis.

Ba mhac é Richard le Dick agus Kate Condon, a mháthair, nach maireann a bhí 93 bliain d’aois agus a fuair bás bliain ó shin. Maireann a dheartháir, Anton agus a dheirfiúr, an tUasal Ann Geraghty, ar Shráid Richard.

Sliocht as Castlebar Parish Magazine  1991

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha