Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Louis Brennan - an fear as Caisleán an Bharraigh a thug an toirpéad instiúrtha ar an saol



Rinneadh aireagóir cliste de Louis Brennan tar éis dó an toirpéad instiúrtha a thabhairt ar an saol agus cruthaíodh seasamh láidir airgeadais dó, agus is suimiúil a thabhairt faoi deara gur bunaíodh stáisiún cladaigh 100 bliain ó shin le toirpéid Brennan a sheoladh ag Dún Camden, ag béal cúng Chuan Chorcaí.

Rugadh Brennan an 28 Eanáir 1852 ag Caisleán an Bharraigh agus ba mhac é le Thomas Brennan, ceannaí crua-earraí, agus Bridget, iníon McDonnell.  D’imigh an teaghlach ar imirce go Melbourne in 1861 agus chónaigh Louis ansin go dtí 1880.  Bhí sé ag obair mar uaireadóirí nuair a rith an smaoineamh leis don toirpéad instiúrtha. Tógadh limistéir seirbhísithe agus rampaí seolta toirpéid de chuid Brennan freisin ag Gravesend, Plymouth, ag Sheerness agus in Inis Iocht.  Bhí Rialtas na Breataine chomh tógtha leis an aireagán gur íoc siad £100,000 le Louis Brennan agus thug siad tacaíocht airgeadais eile dó.  Ba í an tsuim airgid a bhronn Rialtas na Breataine an méid ba mhó a bronnadh go dtí sin ar aireagóir mar gheall go raibh na coincheapa agus na feidhmeanna innealtóireachta ar thús cadhnaíochta.

Thug Brennan an paradacsa meicniúil faoi deara, gur féidir le meaisín taisteal chun tosaigh trí é a tharraingt siar, fad a bhí an meaisín plánála á úsáid aige a bhí á oibriú ag an gcrios tiomána leathair. Thaispeáin sé é seo trí spól cadáis, ar cuireadh peann luaidhe tríd an bpoll ina lár.  Trí bhun agus barr an phinn luaidhe seo a leagan ar dhá leabhar agus an cadás a scaoileadh trí é a tharraingt óna bhun, thosaigh an spól ag gluaiseacht chun cinn; dá láidre a tharraing sé é ba thapúla a scaoileadh an cadás agus ba thapúla a ghluais an spól siar.

I gcás thoirpéad Brennan, rinneadh sorcóir cruach a chur in ionad an spóil agus corna de shreang phianó a chur in ionad an chadáis. Níor rith aon rud eile le Brennan lena phrionsabal paradacsúil a chur i bhfeidhm seachas toirpéad, mar gheall nár ghá dó aistear fillte a dhéanamh. Fuair Brennan deontas forbartha ó Stát Victoria agus d’éirigh leis an tástáil a rinneadh air ag Bá Hobson, Melbourne, i Márta 1879.

Tógadh samhail lánmhéide, ina raibh patrún feabhsaithe an toirpéid, ar chostas an Rialtais i Sasana, idir Lúnasa 1881, agus Bealtaine 1882, agus cuireadh Brennan i gceannas in earrach 1883 ar stáisiún trialach ag Garrison Point, Sheerness, a bhí cóngarach go leor don Scoil Innealtóireachta Míleata ag Beairic Brompton, Gillingham, Kent, an scoil eolaíochta míleata ba mhó san Eoraip. Rinne imscrúdaitheoirí tástálacha cuardaigh ar chruinneas an toirpéid in aghaidh targaidí seasta agus gluaiste, agus dheimhnigh siad go raibh meicníocht Brennan an-chliste.  D’fhéadfaí an toirpéad a chur ag gluaiseacht agus a stiúradh ón gcladach ar ráta 20-25 muirmhíle san uair ar feadh 1,000 slat nó níos mó agus d’fhéadfadh an t-oibreoir a chúrsa a athrú ar an gcladach ag an am céanna.

Bhí Louis Brennan ina stiúrthóir ar mhonarcha thoirpéad an Rialtais ag Gillingham ó 1887 go dtí 1907, a raibh an lámh in uachtar faoin tráth sin ag na gunnaí 9.2 orlach a bhí á n-úsáid ag batairí cladaigh

Sliocht as Castlebar Parish Magazine in 1986 

CÓRAS AONRÁILLE


Dhírigh Louis Brennan ansin ar thraein a cheapadh a ghluais ar ráille amháin.  Táthar ag tosú leis an gcóras Aonráille a thógáil arís inniu mar réiteach ar bhrú tráchta na linne seo.  Bheadh an rath ar an aireagán ach ní raibh an tóir riamh air mar mhodh iompair mar gheall nár tugadh tacaíocht airgeadais dó.  Bhí sé réidh in 1907 lena chéad samhail a thaispeáint.  Rinne sé é sin ag a áit chónaithe in “Woodlands” in Kent.  Bhí na tuairisceoirí a bhí i láthair tógtha lena fheabhas agus a d’éirigh leis. 

 Íomhá de Louis Brennan agus samhail dá aireagán aonráille á taispeáint aige

Bhí a chéad ghluaisteán lánmhéide aonráille tógtha ag Louis Brennan faoin mbliain 1909.  D’éirigh le Louis Brennan rud nua eile a thabhairt ar an saol – cé nach ndearna sé amhlaidh ach leathlá roimh an gcéad duine eile.  Deimhníodh go ndéanfaí córas aonráille a thaispeáint i mBeirlín an 10 Samhain 1909, ag meán lae.  Rinne sé an cinneadh go mbainfeadh sé triail as a fheithicil ar maidin ar an lá céanna agus an ceann is fearr a fháil ar mhuintir Bheirlín.  Ghluais gluaisteán aonráille 22 tonna Brennan an mhaidin sin trí gheataí na monarchan agus ar ráille amháin.  Ghluais sé ar shraith shingil rothaí. Chuaigh na breathnóirí ar bord agus ar aghaidh leo.

Thiomáin Winston Churchill an meaisín nuair a cuireadh ar taispeáint é in White City in 1910, agus bhí an Príomh-Aire, an Rúnaí Baile agus an Seansailéir, i measc daoine eile, i láthair ag na ráillí.  Bhí an dealramh air go raibh an rath agus an rachmas i ndán dó.  Ach ní raibh an rath tráchtála ar an aonráille riamh agus bhí ar Louis Brennan a theach álainn, “Woodlands” a dhíol dá bharr.  Bhog sé go Hampshire tar éis gur díoladh an teach.

Aistriúchán ar shliocht as "Remembering Castlebar's Louis Brennan”, a scríobh an t-údar ó Mhaigh Eo, Michael Mullen, i nuachtán an Connaught Telegraph

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha