Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha

Oidhreacht Ailtireachta


Chun teacht ar eolas ar aon cheann den líon breis agus 8,000 séadchomhartha agus láithreán seandálaíochta atá i Maigh Eo, moltar duit súil a chaitheamh i dtosach ar archaeology.ie, suíomh gréasáin Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (an DCHG).

Cliceáil ar Bhunachar Sonraí na Suirbhéireachta Seandálaíochta faoi ‘Cá bhfuil na Séadchomharthaí?’ (in íochtar an scáileáin ar chlé) agus tiocfaidh tú ar a nAmharcóir Léarscáile Timpeallachta Stairiúla.

Léiríonn na poncanna dearga na láithreáin seandálaíochta go léir a cuireadh i dtaifead (roimh an mbliain 1700) agus is iad na poncanna gorma taifid Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (láithreáin den chuid is mó a tógadh tar éis na bliana 1700).Cliceáil ar aon cheann de na poncanna seo chun teacht ar eolas breise.

Féach freisin www.excavations.ie chun teacht ar thuairiscí tochailte.

 

  • Oibreacha a dhéanamh ag nó laistigh d’fhoisceacht Séadchomhartha nó Láithreán Seandálaíochta

    Ceanglaítear ar úinéirí agus áititheoirí, faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930-1994), fógra a thabhairt don Aire dhá mhí sula mbeartaíonn siad tabhairt faoi aon oibreacha ar nó laistigh d’fhoisceacht Séadchomhartha Náisiúnta. Ba cheart GACH iarratas a sheoladh chuig:- 

    Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta 
    An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 
    Seomra G50 
    Teach an Chustaim 
    Baile Átha Cliath 1 

    Ríomhphost: nationalmonuments@ahg.gov.ie , Guthán: +353 (0)1 888 2178, www.archaeology.ie 

  • Séadchomhartha nó Láithreán Seandálaíochta nua a thabhairt le fios

    Má thagann tú ar láithreán nach bhfuil taifead air ar an Taifead ar Shéadchomharthaí agus Áiteanna (nó ar an léarscáil ag  www.archaeology.ie), is féidir leat é a thabhairt le fios do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta trí ghlaoch ar 01-6313800 nó trí Fhoirm Thuairisce Séadchomhartha a líonadh. Cliceáil Anseo chun teacht ar Fhoirm Thuairisce Séadchomhartha i bhformáid PDF. 

     

     

  • Díobháil nó bagairt fhéideartha do/ar shéadchomhartha a thabhairt le fios

    Braitheann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ar úinéirí talún agus ar an bpobal i gcoitinne lena ról a chomhlíonadh chun ár n-oidhreacht seandálaíochta a chosaint agus a chaomhnú agus táthar an-bhuíoch de chúnamh an phobail. 

    Más mian leat díobháil fhéideartha do shéadchomhartha a thabhairt le fios, déan teagmháil, le do thoil, le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta trí ghlaoch ar 01 8882000 nó ríomhphost a sheoladh chuig nationalmonuments@chg.gov.ie a luaithe agus is féidir. 

     

     

  • An méid atá le déanamh má thagann tú ar Earra Seandálaíochta

    Mar gheall nach bhfuil aon mhúsaem contae nó taisclann ainmnithe i Maigh Eo (féach an tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997), ba cheart gach earra seandálaíochta a dtagtar orthu a chur i dtaisce san Ard-Mhúsaem mar gheall gur leis an Stát iad (Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994. Má thagann tú ar earra, ba cheart duit glaoch ar an Ard-Mhúsaem laistigh de 48 uair an chloig. Guthán: 01-6777444.  

     

  • Obair i Reiligí Stairiúla

    Tá Reiligí Stairiúla á gcosaint faoin dlí agus teastaíonn toiliú ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sular féidir tabhairt faoi aon oibreacha. Tá eolas breise ar reiligí stairiúla i Maigh Eo ar fáil anseo

     

     

  • An Scéim ‘Uchtaigh Séadchomhartha’

    Scéim de chuid na Comhairle Oidhreachta í an Scéim ‘Glac le Séadchomhartha’ a chuidíonn le pobail páirt ghníomhach a ghlacadh ina n-oidhreacht seandálaíochta agus chultúrtha áitiúil a chaomhnú agus a léirthuiscint. Le teacht ar eolas breise faoin scéim agus ar conas is féidir leat páirt a ghlacadh inti, caith súil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta

     

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha