Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oidhreacht agus Caomhantas

Scileanna Traidisiúnta


Ábhar mór buartha don oidhreacht agus don timpeallacht araon é an meath atá ag teacht ar scileanna agus ar cheardaíocht traidisiúnta in Éirinn. Cuireann Comhairle Contae Mhaigh Eo ceardlanna ar siúl chun cuidiú le scileanna traidisiúnta a chur chun cinn, oiliúint a sholáthar agus feasacht a chruthú ar an tábhacht a bhaineann le scileanna traidisiúnta a chothú laistigh den phobal.

 

  • Féile Oidhreachta Iarainn agus Cheardaíochta

    Thit Féile Oidhreachta Iarainn agus Cheardaíochta amach i nDeireadh Fómhair 2018 i mBaile an Róba. Bhí taispeántais, máistir-ranganna, ceardlanna, cainteanna agus taispeáintí ar ghaibhneacht dhubh, taispeántais scileanna traidisiúnta agus cheardaíochta, ceol, damhsa agus bia i measc na n-imeachtaí ag an bhféile seo don teaghlach – bhí rud ba dhíol spéise do gach duine ann. Cliceáil anseo chun amharc ar bhróisiúr den fhéile.

     

  • Féile Bhallaí Cloch na Mala Raithní

    Titeann Féile Bhallaí Cloch na Mala Raithní amach i rith an dara deireadh seachtaine i mBealtaine, agus eagraíonn Grúpa Comhshaoil na Mala Raithní, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Cumann Ballaí Cloch na hÉireann (Dry Stone Wall Association of Ireland) agus Fóram Aolta Tógála na hÉireann (Building Limes Forum of Ireland) í le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta. 

    Tá rannpháirtithe á mealladh ag an bhféile ó 2015 ó áiteanna fud fad na hÉireann agus níos faide i gcéin. Tá ceardlanna, cainteanna agus taispeántais le máistircheardaithe ar siúl sa chlár. Deireadh seachtaine iontach foghlama comhroinnte, an-chomrádaíochta, scoth an bhia, an fháilteachais agus na siamsaíochta atá san fhéile! 

     

  • Acmhainní Scileanna Traidisiúnta

    Tá liosta cuimsitheach acmhainní a sholáthraíonn eolas áisiúil ar conas is féidir struchtúir stairiúla a dheisiú agus a chothabháil ar fáil ón gComhairle Oidhreachta.

  • Deireadh Seachtaine Scileanna Traidisiúnta

    Cuireadh sraith ceardlanna deireadh seachtaine scileanna traidisiúnta ar siúl in 2012, i gcomhar leis an Oifig Caomhantais Ailtireachta agus LEADER, Oibreacha Iarainn Traidisiúnta, Obair le hAol, Tógáil Ballaí Cloch agus Fóir a chur ar Fhálta san áireamh. 

    Bhí meascán de ghné theoiriciúil agus phraiticiúil i ngach ceardlann, agus chuir ceardaithe taithíocha taispeántais agus cainteanna ar siúl, agus cuireadh cás-staidéir, taispeántais agus obair phraiticiúil ar bun freisin. Bhí na ceardlanna dírithe ar úinéirí/áititheoirí foirgneamh stairiúil, gníomhairí pleanála, ailtirí, innealtóirí, foireann údaráis áitiúil, baill thofa, feirmeoirí agus úinéirí talún, rannpháirtithe sa Scéim Shóisialta Tuaithe (an RSS), grúpaí pobail, coistí Bailte Slachtmhara, coistí reilige, iad siúd atá bainteach leis an oidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn laistigh dá gceantar áitiúil agus daoine ar spéis leo. 

    Clár na Sraithe Scileanna Traidisiúnta 

     

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha