Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Heritage & Conservation

Built and Archaeological Surveys


Coimisiúnaíonn agus déanann Comhairle Contae Mhaigh Eo suirbhéireachtaí ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht shaibhir thógtha agus seandálaíochta Mhaigh Eo.

  • Pleananna Bainistíochta Caomhantais

    Cáipéis atá i bPlean Bainistíochta Caomhantais ina leagtar amach an tábhacht a bhaineann le sócmhainn oidhreachta, agus conas a choinneofar an tábhacht sin in aon úsáid, bainistiú nó deisiú amach anseo. Ullmhaíodh Pleananna Bainistíochta Caomhantais do na láithreáin seo a leanas i Maigh Eo:

    • Plean Bainistíochta Caomhantais Reilig Chill tSéine  
    • Plean Bainistíochta Caomhantais Reilig Cheathrú na Leice  
    • Plean Bainistíochta Caomhantais Reilig Cheathrú na Leice  
    • Plean Bainistíochta Caomhantais Reilig Mhaolla  
    • Plean Bainistíochta Caomhantais Reilig Bhéal Átha hÉin  
  • Droichid Stairiúla Shuirbhéireacht Mhaigh Eo

    Thug Comhairle Contae Mhaigh Eo in 2006 faoi shuirbhéireacht ar dhroichid stairiúla sa chontae, droichid bhóthair, iarnróid, coisithe agus chanála san áireamh. Cuireadh i dtaifead agus glacadh grianghraif de bhreis agus 200 droichead, agus rinneadh sonraí faoina dtógáil agus a stair a dhoiciméadú.

     

  • Tuarascáil Bhealach Seandálaíochta Chill Mobhí

    Tá saibhreas láithreáin agus séadchomharthaí seandálaíochta i gCill Mobhí, a léiríonn an stair fhada chónaithe sa cheantar. Roghnaíodh seacht gcinn de na láithreáin seo a chur san áireamh i mBealach Oidhreachta Chill Mobhí a bheartaítear, ón Tréimhse Neoiliteach chomh fada anall go dtí an 19ú haois. 

    Ina measc, tá tuama Meigiliteach, Fulacht Fiadh, cloch ina bhfuil trí bhallán nach dtagtar orthu go minic, Cloch Oghaim agus Tobar Beannaithe, Dún Cloiche agus teach feirme dúchasach traidisiúnta ón naoú haois déag a bhfuil gréasán de pháirceanna beaga ballaí cloiche timpeall air. 

    Déantar cur síos mionsonraithe sa tuarascáil seo ar gach ceann de na láithreáin seo agus tugtar cuntas ar an bhfáth go bhfuil siad tábhachtach. Tugtar chun solais sa tionscadal seo an tábhacht a bhaineann le tabhairt faoi thaighde nuair a fhorbraítear bealaí oidhreachta, agus conas a fheabhsóidh an taighde seo an t-eispéireas dóibh siúd a thugann cuairt ar an mbealach.

     

  • • Suirbhéireacht ar Oidhreacht Iarnróid Mhaigh Eo

    Choimisiúnaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo Headland Archaeology in 2008 le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta chun tabhairt faoi fhardal a chur le chéile ar oidhreacht iarnróid an chontae. Ba éard a bhí san fhardal ná suirbhéireacht dhoiciméadach agus oidhreachta tógtha ar struchtúir feadh na línte reatha agus na n-iarlínte i Maigh Eo.  

     

  • Gloine Dhaite Mhaigh Eo

    Thug Comhairle Contae Mhaigh Eo, i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta, faoi iniúchadh in 2009 ar an ngloine dhaite sa chontae. Tá eolas ar fhuinneoga gloine daite Mhaigh Eo ar fáil anseo.

     

  • • An tSuirbhéireacht ar Thithe Ceann Tuí i Maigh Eo

    Choimisiúnaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo Iontaobhas Cathartha Bhaile Átha Cliath in 2009 chun fardal ar struchtúir cheann tuí sa chontae a chur le chéile. Ba é cuspóir an tionscadail an t-eolas a bhailiú a theastaigh le hanailís a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann le todhchaí struchtúir thuí agus cheann tuí i Maigh Eo. 

     

  • Reiligí Stairiúla Mhaigh Eo

    Thug Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi iniúchadh in 2010 le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, ar na reiligí uile i Maigh Eo. Cuireadh eolas ar adhlacthaí, úinéireacht, bail agus stádas gach reilige i dtaifead. Tá Bunachar Sonraí Suirbhéireachta ar Reiligí Mhaigh Eo á nuashonrú faoi láthair agus beifear in ann amharc air anseo go gairid amach anseo.

     

  • Oidhreacht Thionsclaíoch Mhaigh Eo

    Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo, i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta, ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar láithreáin áirithe oidhreachta tionsclaíche i Maigh Eo in 2021.

     

  • Pleananna Ríochta Poiblí

    Téarma fairsing í ríocht phoiblí a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar fhoirm agus ar úsáid limistéar taobh amuigh a bhfuil teacht ag an bpobal orthu. Tá sráideanna, cearnóga, cosáin, páirceanna agus carrchlóis i ríocht phoiblí agus tá céatadán mór de mhórchríoch an bhaile i gceist léi agus imríonn sí tionchar mór ar an gcuma atá ar an mbaile agus ar an mbealach a fheidhmíonn sé. 

    Leagtar amach i bPleananna Ríochta Poiblí na sonraí faoi thionscadail chomhordaithe chéimnithe a chuirfidh feabhas agus barr feabhais ar an mbealach a fheidhmíonn láir bhaile stairiúil ar bhonn laethúil. Is é an sprioc atá acu tairbhí fadtéarmacha socheacnamaíocha, cultúrtha agus timpeallachta a sholáthar do chónaitheoirí, pobail, gnólachtaí, agus cuairteoirí.  

    Thosaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an próiseas i Nollaig 2016 chun Plean Ríochta Poiblí a ullmhú do na sráideanna agus na spásanna oscailte i mBaile an Róba. Coimisiúnaíodh The Paul Hogarth Company chun an Plean a ullmhú, a forbraíodh trí phróiseas comhoibritheach agus soláthróidh sé réimse tairbhí don baile agus don phobal. 

    Íoslódáil Plean Ríochta Poiblí Bhaile an Róba anseo.

     

  • Scrúduithe Sláinte Lár Baile

    Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta Clár Oiliúna Scrúduithe Sláinte Lár Baile Náisiúnta ildisciplíneacha in 2016 i gcomhar le 8 mbaile rannpháirteacha fud fad na tíre. Bhí Béal an Átha ar cheann de na bailte a roghnaíodh le páirt a ghlacadh sa chlár píolótach seo.

    Thug Comhairle Contae Mhaigh Eo, Cumann Tráchtála Bhéal an Átha, Bailte Slachtmhara Bhéal an Átha agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Caisleán an Bharraigh faoi na Scrúduithe Sláinte le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta agus bunaíonn siad bonnlíne chun cuidiú le monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt lár an bhaile as seo amach agus le hé a chur chun cinn. Áirítear leis an Scrúdú Sláinte Lár Baile:

    • Suirbhéireachtaí ar Úsáid Talún leis na rátaí foriomlána folúntais sa bhaile a dheimhniú. 
    • Suirbhéanna ar mhiondíoltóirí le leibhéil reatha ghníomhaíochta tráchtála agus leis an dearcadh i leith cúrsaí tráchtála a dheimhniú. 
    • Comhairimh ar choisithe le líon iarbhír na gcuairteoirí chuig lár baile a dheimhniú.
    • Suirbhéanna ar shiopadóirí le ráta a bhronnadh ar eispéireas agus ar shásamh cuartaíochta. 

    Coimisiúnaíodh Red C Research and Marketing chun tabhairt faoi shuirbhé ar thomhaltóirí i mBéal an Átha i nDeireadh Fómhair agus i Samhain 2018. Tugadh faoi thaighde aghaidh ar aghaidh (cuireadh suirbhé ar 408 duine) i limistéir ina bhfuil ardlíon custaiméirí i Lár an Bhaile, le léargas a fháil ar thuairimí agus ar mheonta cónaitheoirí agus cuairteoirí i leith lár an bhaile. 

    Cliceáil anseo leis an Tuarascáil ar an Suirbhé ar Thomhaltóirí Bhéal an Átha a íoslódáil. 

  • Ráitis Dearaidh Sráidbhaile

    Tá saintréithe speisialta ag ár mbailte beaga agus ár sráidbhailte bunaithe ar a n-oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha. Cuirtear i gcuntas i Ráiteas Dearaidh Sráidbhaile saintréithe sainiúla an tsráidbhaile.

    Cabhraíonn sé le feasacht phoiblí a mhúscailt ar shócmhainní oidhreachta agus le treoirlínte dearaidh a sholáthar le héagsúlacht agus gnéithe oidhreachta áitiúla a fheabhsú agus a chosaint. 

    Ullmhaíodh Ráitis Dearaidh Sráidbhaile do na bailte agus sráidbhailte seo a leanas i Maigh Eo  

    •  
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha