Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha

Oidhreacht Ailtireachta


Tá oidhreacht shaibhir thógtha i Maigh Eo a ghabhann siar na céadta blianta. Léirítear saolta roimhe seo san oidhreacht seo, agus is taifead tábhachtach é ar stair gheilleagrach agus shóisialta an chontae. 

Tá san oidhreacht seo tithe galánta tuaithe, seanmhuilte, foirgnimh chathartha, séipéil agus droichid. Anuas ar na foirgnimh agus na struchtúir a liostaítear ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta agus ar Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (an NIAH), tá saibhreas struchtúr eile i Maigh Eo, gnéithe níos umhaile ar a bhfuil luach oidhreachta san áireamh atá mar shaintréithe den charachtar áitiúil. 

Tá Oifig Caomhantais Ailtireachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo freagrach as oidhreacht ailtireachta an chontae a chosaint. Chun teacht ar eolas ar chaomhnú ailtireachta agus ar obair na hOifige Caomhantais Ailtireachta, caith súil ar Rannóg na nAiltirí

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha