Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

Láithreáin Thábhachtacha Caomhantais Dúlra i Maigh Eo


Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine, Baile Chruaich

Páirc Náisiúnta Néifinne Fiáine, Baile Chruaich ar cheann de na sé Pháirc Náisiúnta atá in Éirinn. Tá an pháirc suite ar bhord farraige an iarthair in Iarthuaisceart Mhaigh Eo agus tá 11,000 heicteár de bhratphortach agus de thalamh shléibhtiúil Atlantach inti chomh maith le fiántas fairsing nach gcónaíonn daoine ann agus nach bhfuil millte agus is é sliabhraon Néifinn Bheag an ghné is suntasaí atá ann. 

Tá Portach na hAbhann Duibhe, atá laistiar de na sléibhte, ar cheann de na córais ghníomhacha bhratphortaigh dheireanacha atá slán go fóill in Iarthar na hEorpa agus is gné thábhachtach eolaíochta agus scéimhe den Pháirc Náisiúnta é. 

Líonra Natura 2000

Déantar gnáthóga agus speicis thábhachtacha agus nach dtagtar go minic orthu a chosaint i Líonra Natura 2000, a bhfuil an Pháirc Náisiúnta mar chuid de, faoi na Treoracha maidir le hÉin agus le Gnáthóga an AE. Tá an fhreagracht as láithreáin Natura 2000, Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SACanna) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAanna) ina measc, ar Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá liosta iomlán de láithreáin Natura 2000 i Maigh Eo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra 

Tá eolas breise agus Ceisteanna Coitianta ar Líonra Natura 2000 ar fáil anseo

Anaclanna Dúlra 

Limistéar atá tábhachtach don fhiadhúlra í Anaclann Dúlra, a chosnaítear faoi ordú Aire. Tá an formhór díobh cosanta ag an Stát. Tá roinnt díobh faoi úinéireacht eagraíochtaí nó úinéirí talún príobháideacha, agus is féidir le daoine ar spéis leo cosaint reachtúil a fháil dá dtailte comhairle a lorg ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha