Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

Pleananna Pobail don Bhainistíocht Bithéagsúlachta


Anuas ar Straitéis Bithéagsúlachta an Chontae trí chéile, tá Léarscáileanna Gnáthóige agus Pleananna Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht á n-ullmhú againn faoi láthair do bhailte agus do shráidbhailte Mhaigh Eo i gcomhar le pobail áitiúla, le tacaíocht chistithe ón gComhairle Oidhreachta. Cuirfidh pobail áitiúla na pleananna seo i bhfeidhm sna blianta amach anseo.

Príomhghné de na pleananna seo is ea láthair agus méid na saghsanna éagsúla gnáthóige (e.g. lochanna, aibhneacha, coillearnach, tailte féaraigh etc.) laistigh de na bailte agus na sráidbhailte a léarscáiliú. De réir mar a dhéantar níos mó limistéar a léarscáiliú, beidh íomhá de na gnáthóga ar fud an chontae iomláin á cruthú againn.

Tá Léarscáiliú Gnáthóige agus Pleananna Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht, léarscáileanna gnáthóige san áireamh, ar fáil nó tá siad á n-ullmhú faoi láthair do na bailte agus na sráidbhailte seo a leanas:

  • Plean Bithéagsúlachta Chathair na Mart  
  • Plean Bithéagsúlachta Bhaile an Róba
  • Plean Bithéagsúlachta na Mala Raithní
  • Plean Bithéagsúlachta Chlár Chlainne Mhuiris
  • Plean Bithéagsúlachta Chrois Mhaoilíona
  • Plean Bithéagsúlachta Chonga
  • Plean Bithéagsúlachta Bhéal Easa
  • Plean Bithéagsúlachta Bhaile Uí Fhiacháin
  • Plean Bithéagsúlachta Chluain Cearbán
  • Plean Bithéagsúlachta Bhalla

Forbraíodh Pleananna Bithéagsúlachta chomh maith do láithreáin nó do limistéir ar leith laistigh de bhailte agus de shráidbhailte, iad seo a leanas ina measc 

  • Gairdín Fiadhúlra Bhaile an Daighin [Link to Plan / Nasc leis an bPlean] 
  • Plean Bithéagsúlachta Pháirc Mhílaoise Mhuraisce [Link to Plan / Nasc leis an bPlean] 
  • Plean Pailneora Chill Mheáin [Link to Plan / Nasc leis an bPlean] 

Más spéis leat plé a dhéanamh ar Phlean Bithéagsúlachta a ullmhú do do bhaile nó do shráidbhaile, déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifig Oidhreachta.

Pleananna Dúlra agus Fiadhúlra Pobail

Cuireadh oiliúint bithéagsúlachta ar 7 bpobal i Maigh Eo in 2013. Cuireadh 3 cheardlann ar bun le gach pobal, agus forbraíodh Plean Dúlra agus Fiadhúlra ina ndiaidh. Tá mar aidhm ag na pleananna feasacht a mhúscailt ar, cosaint a chur ar fáil do agus feabhas a chur ar an oidhreacht nádúrtha shaibhir sna limistéir seo. 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha