Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

Na rudaí a thig leat a dhéanamh ar son na Bithéagsúlachta


Is féidir linn go léir ár bpáirt a ghlacadh, dá laghad í, chun an bhithéagsúlacht timpeall orainn a chosaint. Tá go leor acmhainní agus treorach ar fáil chun cuidiú linn seo a dhéanamh. 

An Fiadhúlra i do Ghairdín 

Seoladh leabhrán nua chun cuidiú le gach duine lámh chúnta a thabhairt don fhiadhúlra ina ngairdíní, beag beann ar chomh mór nó chomh beag atá siad. Rinne Juanita Browne, leis an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta, an leabhrán a scríobh agus chuir Oifigigh Oidhreachta Údaráis Áitiúil ar fud na hÉireann le chéile é, le lámh chúnta ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus ón gComhairle Oidhreachta. 

Do Ghairdín a dhéanamh Oiriúnach do Phailneoirí

Ar mhaith leat do ghairdín a dhéanamh oiriúnach do phailneoirí?

Ciallaíonn do ghairdín a dhéanamh oiriúnach do phailneoirí gur roghnaigh tú áit fholláin a dhéanamh de do ghairdín ar féidir le pailneoirí sa tírdhreach cuairt a thabhairt air. Tá sé thar a bheith éasca cuidiú a thabhairt!

Cuideoidh tú, trí roinnt rudaí simplí a dhéanamh, le bia agus foscadh a bhfuil géarghá leo a thabhairt dár bhfeithidí pailnithe, agus cruthóidh tú gairdín álainn dathannach ag an am céanna.

Mínítear i mbróisiúr nua conas is féidir leat do ghairdín – bíodh gairdín mór nó beag é – a dhéanamh níos oiriúnaí do phailneoirí. 

Íoslódáil an bróisiúr 4 leathanach anseo

Cliceáil anseo le Do Ghairdín a dhéanamh Oiriúnach do Phailneoirí

An Fiadhúlra i do Bhaile agus do Shráidbhaile  

Is féidir lenár mbailte agus ár sráidbhailte réimse fairsing gnáthóga agus speicis fiadhúlra is díol spéise caomhnaithe áitiúla, nó fiú náisiúnta, a chothú. Caith súil ar an leabhrán thíos le heolas breise a fháil faoin méid is féidir leat a dhéanamh chun cuidiú leis an mbithéagsúlacht i do phobal.  

Pleananna Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht  ullmhaithe againn do go leor bailte agus sráidbhailte i Maigh Eo, ina dtugtar cuntas ar rudaí ar leith is féidir leat a dhéanamh sna háiteanna seo chun cuidiú leis an mbithéagsúlacht. 

Tá acmhainní áisiúla eile ar fáil sa mhír Foilseacháin Oidhreachta

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha